Steiréiliteagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í an steiréiliteagrafaíocht an teicneolaíocht fréamhshamhaltaithe mhear is mó a úsáidtear,[1] an chéad teicneolaíocht tráchtála le haghaidh fréamhshamhaltú mear (priontáil 3T) agus an fhormáid comhaid STL. Is féidir léi páirteanna polaiméire a tháirgeadh atá an-chruinn agus an-mhionsonraithe. Baintear leas as léasar ísealchumhachta ardfhócasaithe ultraivialaite chun réad tríthoiseach a tháirgeadh i ndabhach de pholaiméir leachtach fhótamhothálach.

Modh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógann an steiréiliteagrafaíocht réada nó páirteanna plaisteacha sraith ar shraith ach ga léasair a rianú ar dhromchla daibhche d’fhótapholaiméir leachtach. Soladaíonn an aicme ábhair seo, a forbraíodh a chéaduair le haghaidh na dtionscal priontála agus pacáistíochta, go tapa cibé áit a mbuaileann an ga léasair dromchla an leachta.

Tar éis sraith amháin a rianú ina hiomláine, íslítear píosa beag í isteach sa dabhach agus rianaítear an dara sraith díreach sa mhullach ar an gcéad cheann. De bharr airí féinghreamaitheach an ábhair, greamaíonn na sraitheanna dá chéile agus foirmítear réad tríthoiseach iomlán sa deireadh tar éis cuid mhór de na sraitheanna sin a chruthú.

Is féidir le hábhair neamhleasaithe a bheith tocsaineach agus bíonn gá le haerú.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an steiréiliteagrafaíocht an chéad phróiseas fréamhshamhaltaithe mhear a thug 3D Systems Inc. isteach i 1988. Is é Chuck Hull aireagóir an phróisis íomháithe solad sna 1980idí ar a dtugtar steiréiliteagrafaíocht.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. examinations.ie. "(q)(i) Steiréiliteagrafaíocht". Dáta rochtana: 2020.[nasc briste go buan]