Stefan Zweig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaStefan Zweig

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Samhain 1881
Vín (An Ostair-Ungáir)
Bás22 Feabhra 1942
60 bliana d'aois
Petrópolis, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Ródháileog barbatúráití)
Áit adhlacthaan Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Comhairleoir dochtúireachtaFriedrich Jodl
Áit chónaitheSalzburg
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Vín
Salzburg
Beirlín
Rio de Janeiro Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, staraí, beathaisnéisí, úrscéalaí, scríbhneoir próis, léirmheastóir liteartha, drámadóir, file, aistritheoir, iriseoir, scríbhneoir aistí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1901 –  1942
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileFriderike Maria Zweig Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMoritz Zweig  agus Ida Zweig
Croineolaíocht
1934imirce
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933Nazi book burnings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0959003 Allocine: 69710 Allmovie: p218958 IBDB: 9757
Spotify: 1itLiqK37yVFnVcPLxTJCj iTunes: 1301073128 Musicbrainz: 554180e0-5e8c-431b-a541-46447aa99d45 Discogs: 648500 IMSLP: Category:Zweig,_Stefan Find a Grave: 19895 Deezer: 1237009 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba scríbhneoir clúiteach i nGearmáinis é Stefan Zweig (a rugadh ar an 28 Samhain 1881 i Vín agus a d'éag 22 Feabhra 1942 sa Bhrasaíl). De bhunadh na hOstaire ba ea é, Giúdach, fear léannta, agus duine de na daoine sin a chonaic uafáis an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Chuir sé féin agus a chéile mná, Lotte, lámh ina mbás féin sa bhliain 1942 ar mhéid a n-éadóchais, creidtear.[1]

Plaic chuimhneacháin, Kochgasse 8, Vín
lena bhean Lotte, in Salzburg, 1922

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba den bourgeoisie Víneach é, sách rachmasach. Thart ar chasadh an chéid, bhí Vín ar cheann de chathracha úd na gcéadfaí, agus bhain na tithe caife go dlúth leis sin. ‘B’fhusa a bheith i d’Eorpach anseo ná in aon áit eile,’ a scríobh Zweig, agus mhínigh sé go raibh príomhnuachtáin na hEorpa ar fad sna tithe caife, ‘chomh maith le móririsí liteartha agus cultúir an domhain uile.’ Na tithe caife is mó a chuir dlús le héagsúlacht intleachtach Vín, a bhraith sé.[2]

Bhí cónaí ar Zweig ó 1919 go 1934 i Salzburg san Ostair.

Bhí saol cruthaitheach scríbhneoireachta thar a bheith torthúil aige agus ráchairt mhór ar a chuid scríbhneoireachta sna 1920idí agus 1930idí. Chuir sé idir dánta, gearrscéalta, úrscéalta, drámaí agus sleachta stairiúla i bhfoirm beathaisnéisí i gcló. Bhí lámh aige i bhforbairt an teach foilseacháin Insel-Verlag.[3]

Fógra de chuid Insel-Verlag, 1927

Giúdach ab ea Zweig agus theith sé lena anam as an Ostair sular cuireadh bac ar dhaoine imeacht. Chuaigh sé go dtí Sasana, i dtús. Ansin chaith sé achar gairid i Nua-Eabhrac sular chuir sé faoi sa Bhrasaíl.

Agus é ar deoraíocht sa Bhrasaíl de bharr na Naitsithe, tháinig dúlagar air. Ainneoin an fháilte a chuir údaráis na Brasaíle roimhe ghéill sé don éadóchas. Shíl sé gur parthas iar-chiníoch a bhí sa Bhrasaíl.[3]

Sa bhliain 1942, agus dóchas caillte aige sa chine dhaonna, i bhfianaise an uafáis bhí ar siúl san Eoraip chuir sé féin agus a bhean chéile lámha ina mbásanna féin.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ceann de na húrscéalta is aitheanta dár scríobh sé ná Schachnovelle (Úrscéal Fichille), a úrscéal deireanach sa bhliain 1942.
  • Sraith bheag aistí dá chuid atá in Messages from a lost world: Europe on the brink.[4] Idir 1914 agus 1941 a foilsíodh na haistí seo agus is dea-shampla iad de chumhacht na haiste mar fhoirm ealaíne inti féin, mar dhán próis den scoth. Scríobhann Zweig ar theangacha, ar an stair, ar fhorbairt na smaointeoireachta san Eoraip agus ar aontas na hEorpa fiú.[1]
  • A dhírbheathaisnéis, The World of Yesterday (Die Welt von Gestern - - Erinnerungen eines Europäers; Saol an lae inné - cuimhní cinn Eorpaigh, 1942).[5][3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Pól Ó Muirí (29 Meitheamh 2017). "‘Let us then make common cause…each in their own mother tongue’ – gáir chatha Stefan Zweig" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-21.
  2. Coimisiún na Scrúduithe Stáit (2008). "SCRÚDÚ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA 2008: EALAÍN". Dáta rochtana: 2024.
  3. 3.0 3.1 3.2 "Smaointe Fánacha Aonghusa". aonghus.blogspot.com. Dáta rochtana: 2024-02-22.
  4. "Messages from a Lost World by Stefan Zweig | Pushkin Press" (en). pushkinpress.com. Dáta rochtana: 2024-02-21.
  5. "The World of Yesterday" (as en) (2023-12-28). Wikipedia.