Soilseas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilSoilseas
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata

I bhfótaiméadracht, is éard is soilseas[1] ann ná an flosc lonrúil ionsaitheach in aghaidh aonad fairsinge, is é sin an oiread solais infheicthe atá ar fáil le soilsiú a sholáthar ar gach méadar cearnach. Tomhaistear é in aonaid lucsa, a ghiorraítear go dtí lx. Laghdaíonn sé i gcomhréir leis an bhfad ón bhfoinse solais, cearnaithe. Is féidir le súile an duine a laghad is 10-9 lx a bhrath. Tugtar an soilsiú ar an gcainníocht seo freisin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “illuminance” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-16.
  2. Hussey, Matt (2011). "Soilseas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 612.