Sinéad de Valera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSinéad de Valera
Beathaisnéis
Breith(und) Jane O'Flanagan
3 Meitheamh 1878
Baile Brigín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Eanáir 1975
96 bliana d'aois
Seantrabh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir, údar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Teaghlach
CéileÉamon de Valera (1910–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBrian de Valera, Éamon (Óg) de Valera, Rúaidhrí de Valera, Máirin de Valéra, Emer de Valera, Vivion de Valera, Terry de Valera Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLaurence Flanagan

Find a Grave: 5747277 Cuir in eagar ar Wikidata
1975: Cuireadh Sinéad agus Éamon le chéile i Reilig Ghlas Naíon

Ba bhean chéile Éamon de Valera (taoiseach, uachtarán agus réabhlóidí Éireannach) í Sinéad de Valera (3 Meitheamh 18787 Eanáir 1975), nó Sinéad Ní Fhlannagáin.[1] Thugtaí an t-ainm Sinéad Bean de Valera uirthi freisin go minic.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í leis an ainm Jane nó Janice Flanagan i mBaile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath i 1878 (d'athraigh sí a h-ainm baiste níos déanaí). Bhí sí ina múinteoir i mbunscoil ar Sráid Dorset, i lár na cathrach. In a ham saor, mhúin sí an teanga Gaeilge leis an grúpa Conradh na Gaeilge. I measc na ndaltaí a bhí aici ná múinteoir eile, Eamon de Valera, a bhí ag múineadh matamaitic.

Pósadh Sinéad agus Éamon ar an 8 Eanáir 1910, cé go raibh Sinéad ceithre bliana níos sine.

Rugadh seachtar páistí acu, cúigear buachaillí agus beirt cailíní.

Bhí cáil agus cumhacht ar a fear céile níos déanaí, ach bhí Sinéad sásta fanacht amach as an saol polaitiúil. Scríobh sí scéalta do dhaoine óga, as Gaeilge agus as Béarla.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Sinéad de Valera bás ar 7 Eanáir 1975 ag 96 bliain d'aois, a lá roimh cothrom an lae a pósadh. Fuair Eamon bás ocht mí níos déanaí. Cuireadh iad le chéile i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]