Sfumato

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Naomh Anne, de chuid Léonardo de Vinci
Mona Lisa

Teicníc i réimse na péintéireachta is ea sfumato, ag déanamh imlínte na bpictiúr doiléir le scáthanna doiléire. Mar shampla, tá an teicnic seo le feiceáil timpeall na súl agus an bhéil sa Mona LisaNaomh Anne de chuid Léonardo de Vinci.[1]

Ba dhul ar aghaidh teicniúil é seo ar na himlínte géara i bpéintéireacht an 15ú céad (mar shampla, i gcás Botticelli, Correggio is Mantegna), agus chabhraigh sé le sármháistrí an 16ú céad nádúrachas feabhsaithe a bhaint amach.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
  2. Hussey, Matt (2011). "Sfumato". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 594.