Seamus Heaney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeamus Heaney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Aibreán 1939
An Seanmhullach (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Bás30 Lúnasa 2013
74 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisStróc
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Naomh Colum Cille
Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Coláiste Bates Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmdrámadóir, scríbhneoir, múinteoir ollscoile, aisteoir, file, aistritheoir, teangeolaí, údar Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1966 –
FostóirOllscoil Harvard
Ollscoil California, Berkeley Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraFilíocht
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMarie Devlin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPatrick Heaney  agus Margaret Kathleen McCann
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm2573636 IBDB: 15021
Last fm: Seamus+Heaney Musicbrainz: c867c229-53a9-447e-8191-9cbccd4a827d Songkick: 394057 Discogs: 1080135 Allmusic: mn0001690109 Find a Grave: 116281839 Cuir in eagar ar Wikidata

File Béarla a rugadh i gContae Dhoire in Éirinn ab ea Seamus Justin Heaney (baintear úsáid as an leagan Gaeilge dá ainm scaití: Séamus Ó hÉannaíÓ hÉanaí,[1][2] 13 Aibreán 1939 - 30 Lúnasa 2013.[3]

Foilsíodh líon mór cnuasach filíochta dá chuid. Bronnadh an Duais Nobel na Litríochta air ar an 9 Nollaig 1995 i Stócólm, sa tSualainn.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

8 Feabhra 1996
Seamus Heaney (deas) le Antoni Milosz (clé) sa bhliain 2004.

Rugadh Heaney ar an 13 Aibreán 1939, i dteach feirme an teaghlach darbh ainm Mossbawn, idir An Seanmhullach agus Tuaim i gContae Dhoire, Tuaisceart na hÉireann. Ba é an chéad pháiste de naonúr.

Maraíodh deartháir amháin dó nuair nach raibh sé ach ceithre bliana d’aois. Chuaigh sin go mór i bhfeidhm ar Sheamus agus blianta ina dhiaidh sin scríobh sé roinnt dánta faoi seo i gcuimhne ar a dheartháir.

2013

Sa bhliain 1953, bhog a chlann go Baile Eachaidh, cúpla míle ar shiúl, atá mar theach an teaghlaigh anois.

Scríobh Heaney faoin saol sin faoin tuath ina chuid filíochta níos moille anonn ina shaol.

Sinsir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a athair, Patrick Heaney, an ochtú páiste de dheichniúr agus ba iad James agus Sarah Heaney a thuistí. Ba fheirmeoir é Patrick ach ba é trádáil eallaigh a fhíorghrá, rud a thosaigh a uncail a thug aire do nuair a fuair a thuismitheoirí bás agus iad an óg leis.

Tháinig a mháthair, Margaret Kathleen (1911-1984) ó mhuintir na McCann agus stíl beatha eile, agus tionchar ar a chuid oibre, a dúirt Heaney. Fostaíodh a uncail agus a gaolta eile sa mhuileann línéadaigh áitiúil. Bhíodh a haintín ag obair mar chailín aimsire ag úinéir an mhuilinn.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhreastail Heaney ar bhunscoil áitiúil agus ansin ar Choláiste Naomh Colmcille i nDoire.

Sa bhliain 1957 chuaigh sé ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le staidéar a dhéanamh ar an Bhéarla. Is ansin a chuir sé spéis san fhilíocht den chéad uair. Bhain sé céim amach sa Bhéarla in 1961.

Bhí suim aige sa mhúinteoireacht agus chuaigh sé ansin ar Choláiste Iósaf le cúrsa múinteoireachta a dhéanamh. Tá Coláiste Iósaf anois mar chuid de Choláiste Ollscoile Naomh Muire ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Mar chuid den chúrsa sin, chaith sé tamall ag teagasc i meánscoil áitiúil.

File[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1963 tháinig Heaney ar ais go Coláiste Iósaf mar léachtóir lánaimseartha. Faoin am seo, bhí Heaney ag scríobh filíochta go rialta.

Foilsíodh a chéad bhailiúchán dánta sa bhliain 1965 dar teideal Eleven Poems mar chuid d’Fhéile Ollscoil na Banríona. Ach is é Death of a Naturalist, áfach, a aithnítear mar an chéad bhailiúchán ceart a scríobh sé. Bhain sé roinnt duaiseanna ar a shon sin agus is bailiúchán é a bhfuil dúil mhór ag daoine ann go fóill. Aithníodh ansin mar fhile dáiríre é. Ach bhí post lánaimseartha de dhíth air fosta, agus in 1966 fuair sé post mar léachtóir Béarla in Ollscoil na Banríona.

Le linn an ama seo, d’oibrigh sé ar an fhilíocht chomh maith.Ansin in 1969 foilsíodh an dara bailiúchán aige dar teideal Door Into the Dark. D’éirigh go geal leis seo fosta.

An file déanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean le Heaney ag léachtóireacht in áiteanna éagsúla agus é ag scríobh filíochta ag an am céanna.

Sa bhliain 1972 chuaigh sé go Coláiste Dhún Carúin mar léachtóir, coláiste oiliúna do mhúinteoirí i mBaile Átha Cliath. Is sa bhliain sin a d’fhoilsigh sé an tríú bailiúchán aige dar teideal Wintering Out.

Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus thaistil sé go minic go Sasana agus chun na Stát Aontaithe lena chuid filíochta a léamh.

Is le linn an ama seo sna 1970í agus sna 1980í a scríobh sé an méid is mó agus b’fhéidir an méid is fearr dá chuid filíochta.[4] D’fhoilsigh sé na bailiúcháin North agus Stations in 1975 agus Field Work in 1979, agus ansin Preoccupations sa bhliain 1980.

Aistriúcháin agus drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc a chuid éacht d´fhoilsigh Heaney aistriúchán ar an eipic sa tsean-Angla-Sacsanais, Béowulf, agus chuir sé eagar ar dhráma de chuid Sofaicléis, Philoctetes, faoin ainm "The Cure at Troy".

Mhair Heaney i nDumhach Thrá i mBaile Átha Cliath ó 1976 go dtí lá a bháis. Chaith sé seal i Harvard ó 1981 go dtí 2006 agus in Ollscoil Oxford ó 1989 go dtí 1994.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail stróc é agus d'éirigh rudaí casta ina dhiaidh agus fuair sé bás i mBÁC ar an 30 Lúnasa 2013 agus a fhocail dheireanacha, téacsáilte chuig a bheanː “Noli timere” (Ná bíodh eagla ort), bunaithe ar an Laidin, “Habete fiduciam ego sum nolite timere.” (Matha 14:27, i nGaeilge: Bíodh misneach oraibh. Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh).[5]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur file mór an Bhéarla é Séamus Heaney, ní dhearna sé neamhshuim den Ghaeilge ná de chultúr na hÉireann riamh. Bhí sé breá eolach ar litríocht na Gaeilge agus bhí aistriúcháin déanta aige ar litríocht na Gaeilge chomh maith.

Sa bhliain 2015, bhí póstaer scaipthe ar gach scoil dara leibhéal sa Stát ag COGG ar a bhfuil ráiteas spreagúil faoin nGaeilge a rinne an file Séamus Heaney.[6]

Níor sheachain sé stair thrioblóideach na hÉireann ach oiread. Scríobh sé Requiem for the Croppies i gcuimhne ar éirí amach 1798. Tá go leor faoi na trioblóidí in Éirinn le sonrú ina chuid filíochta fosta.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Death of a Naturalist (Faber & Faber, 1966)
  • Door into the Dark (Faber & Faber, 1969)
  • Wintering Out (Faber & Faber, 1972)
  • Stations (Ulsterman Publications, 1975)
  • North (Faber & Faber, 1975)
  • Field Work (Faber & Faber, 1979)
  • Selected Poems 1965-1975 (Faber & Faber, 1980)
  • Station Island (Faber & Faber, 1984)
  • The Haw Lantern (Faber & Faber, 1987)
  • New Selected Poems 1966-1987 (Faber & Faber, 1990)
  • Seeing Things (Faber & Faber, 1991)
  • Sweeney's Flight (le Rachel Giese, grianghrafadóir; Faber & Faber, 1992)
  • The Spirit Level (Faber & Faber, 1996)
  • Opened Ground: Poems 1966-1996 (Faber & Faber, 1998)
  • Electric Light (Faber & Faber, 2001)
  • District and Circle (Faber & Faber, 2006)

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sweeney Astray: a version from the Irish (Field Day, 1983)
  • The Midnight Verdict: Translations from the Irish of Brian Merriman and from the Metamorphoses of Ovid (Gallery Press, 1993)
  • Jan Kochanowski: Laments (Faber & Faber, 1995)
  • Beowulf (Faber & Faber, 1999)
  • Diary of One who Vanished (Faber & Faber, 1999)

Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Preoccupations: Selected Prose 1968-1978 (Faber & Faber, 1980)
  • The Government of the Tongue (Faber & Faber, 1988)
  • The Place of Writing (Emory University, 1989)
  • The Redress of Poetry: Oxford Lectures (Faber & Faber, 1995)
  • Crediting Poetry: The Nobel Lecture (Gallery Press, 1995)
  • Finders Keepers: Selected Prose 1971-2001 (Faber & Faber, 2002)

Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Cure at Troy: leagan de Philoctetes de chuid Sophocles (Field Day, 1990)
  • The Burial at Thebes: leagan de Antagana de chuid Sophocles (Faber & Faber, 2004)

Aistriúcháin ar a shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Conlán Tríocha dán, leaganacha Gaeilge de dhánta Seamus Heaney aistrithe ón mBéarla ag Gabriel Rosenstock.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Seamus Heaney agus filíocht na ceannairce, iGaeilge, dáta rochtana 13ú Deireadh Fómhair 2017
  2. Seamas Ó hÉanaí
  3. Roslyn Blyn-LaDrew (2014). "Amach as an Iontas, Isteach san Iontas, i gCuimhneachán: Seamus Heaney (1939-2013)". Dáta rochtana: 2020.
  4. nicurriculum.org.uk. "Seamus Heaneyː beatha le bua". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-20. Dáta rochtana: 2019.
  5. "Séamus Ó hÉanaí / Seamus Heaney (1939-2013)". Dáta rochtana: 2019-08-30.
  6. Kevin Hickey (2015). "‘Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding life in this country…’ – ráiteas Heaney scaipthe ar gach scoil sa Stát" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-05.