Scanóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticScanóir

Cuir in eagar ar Wikidata

Is é is scanóir ann feiste ionchuir i gcóras ríomhaire chun cáipéisí a scanadh is cóip díobh a chur i gcuimhne an ríomhaire. Déantar an cháipéis a stóráil mar phicteilíní ag na seoltaí cuí, agus de réir mar a mhéadaítear an oiread picteilíní in aghaidh an cheintiméadair sa dá threo, síos suas is trasna na cáipéise, is amhlaidh is fearr caighdeán an scanóra is na híomhá stóráilte. I scanóir ísealchaighdeáin dubh is geal bíonn timpeall 120 picteilín in aghaidh an cm, ach i scanóir daite ardchaighdeáin os cionn 480 picteilín cm-1. Bíonn bogearraí ag dul le cuid de na scanóirí a dhéanann an leathanach a anailísiú is íomhá téacs a aistriú i línte téacs i gcomhair próiseálaí focal nó córas foilsitheoireacht deisce. Is féidir pictiúir lándaite a léamh is a phróiseáil le bogearraí íomháithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scanóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 581.