Saor-Dhoire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Saor Dhoire)
cúinne, Bóthar Lecky agus Sráid Fahan

Ba cheantar féinrialaitheach é Saor-Dhoire (Béarla: Free Derry) i nDoire Cholmcille, idir 1969 agus 1972. Chruthaigh daoine ó Thaobh an Phortaigh, an Creagán agus an Seantalamh baracáidí ar na sráideanna timpeall an cheantair. Níor thug siad cead don R.U.CArm na Breataine dul isteach sa cheantar.[1]

Domhnach na Fola (1971)ː Ceann de na múrmhaisithe i nDoire

Tugadh an t-ainm 'Saor-Dhoire' (nó Free Derry) ar an áit, nuair a scríobh duine "You Are Now Entering Free Derry" ar bhalla bhinn i dTaobh an Phortaigh. Phéinteáil an mana don chéad uair i mí Eanáir 1969 (cúinne, Bóthar Lecky agus Sráid Fahan).

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndeireadh na seascaidí, thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair. Rinne Rialtas na Sé gContaetha iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir. Ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin.

Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí círéibeacha fuilteacha ann ón mbliain 1968 i leith.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

1969[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón 12 Lúnasa go dtí an 14 Lúnasa 1969, bhí ina chogadh dearg idir péas Dhoire agus na náisiúnaithe áitiúla - "Cath Thaobh an Bhogaigh", mar a thugtar air.

I ndiaidh dhá lá achrainn agus scliúchas, cuireadh saighdiúirí Briotanacha i nDoire chun riail agus reacht a chaomhnú ag 5pm ar 14 Lúnasa.[2]

I mí Lúnasa, mar chuid den 'Ráiteas Downing Street', gheall rialtas na Breataine athleasuithe.[3][4]

"Ulster '71" (NI Civil Rights Association, 1971)

Is minic a deir na hAontachtóirí gurbh í gluaiseacht na gceart sibhialta a chuir tús leis na Trioblóidí. Is é a mbarúil-san gur chuir an feachtas an rialtas ag guagaíl, ionas go ndeachaigh na dreamanna paraimíleata sa bhearna a hosclaíodh. Tá na náisiúnaithe den tuairim, áfach, nach raibh i gceist le feachtas na gceart sibhialta ná rudaí a tharraing rialtas seicteach an Tuaiscirt anuas air féin.

1971[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 8 Iúil 1971, mharaigh Arm na Breataine beirt fhear óg, Séamas Cusack agus Desmond Beattie, i nDoire. Ba chor cinniúnach é le linn na dTrioblóidí; chaill an pobal muinín san arm timpeall an ama seo.[5]

Tharraing an SDLP as Stormont ar 14 Iúil. Tugadh an t-imtheorannú isteach cúpla seachtain níos déanaí, ar an 9 Lúnasa 1971 (fiosrúchán neamhoifigiúil).[6]

1972[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar Caitliceach, ar an 31 Iúil 1972, mar chuid den Operation Motorman[7] agus tháinig deireadh le Saor-Dhoire.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Anraoi Mac Cuarta, hAnraoi Mac Cuarta (1973). "Saor-Dhoire" (as en). Comhar 32 (11): 4. doi:10.2307/20553451. 
  2. "British Troops in Bogside, Derry" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-08-14.
  3. "The Downing Street Declaration (August 1969) - Violence in 1969: Causes, events and responses - CCEA - GCSE History Revision - CCEA" (en-GB). BBC Bitesize. Dáta rochtana: 2021-07-08.
  4. "Joint Declaration of August 1969-Downing St Declaration" (1988). Études irlandaises 13 (1): 180–180. 
  5. Seamus McKinney. "Cusack and Beattie killings were Troubles' milestone" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-07-08.
  6. "CAIN: Events: Lord Gifford (1971) Inquiry into the Circumstances Surrounding the Deaths of Seamus Cusack and George Desmond Beattie.". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-07-08.
  7. "Operation Motorman" (as en) (2021-01-06). Wikipedia.