Saill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is saill[1] ann ná meascán casta tríghlicrídí éagsúla, gach ceann acu le 3 mhóilín aigéad sailleach cuingrithe le móilín amháin gliosróil. Breosla tábhachtach stóráilte i bplandaí is ainmhithe. Sa chiall ghinearálta, is fíochán (fíochán saille) ainmhí í, bán nó scothbhuí, ina mbíonn na cealla aonaracha atá ag carnadh saille i bhfoirm liathróidín taobh istigh den chíteaplasma (saill bhán). Is foinse fuinnimh don orgánach iad na tríghlicrídí. Feidhmíonn an tsaill bhán mar ábhar pacála is inslithe i gcuid mhaith ainmhithe (mar shampla, an tsaill fho-chraicneach i ndaoine), agus mar mhaolaire turrainge (mar shampla, faoi sháil na coise is i mbos na láimhe). Tarlaíonn carnadh iomarcach saille sa cholainn dhaonna (raimhre) nuair a bhíonn an ionghabháil fuinnimh sa chothú níos mó ná an fuinneamh a aschuirtear trí ghníomhaíocht fhisiciúil. Faightear saill dhonn freisin sa chuid is mó de na mamaigh, go háirithe iad siúd a chodlaíonn ar feadh an gheimhridh is ainmhithe an-ogá aonaracha. Ní hionann is an tsaill bhán a bhíonn ina liathróidín amháin i ngach cill, bíonn an tsaill dhonn ina hiliomad liathróidíní an-bheaga. Chomh maith leis sin, is féidir leis an néarchóras simpiteach na cealla a spreagadh chun an tsaill dhonn a dhianscaoileadh is teas a ghiniúint, ní hionann leis an tsaill bhán. Ar an mbealach seo, is féidir le hainmhithe óga a ráta ginte teasa a mhéadú mar fhreagairt ar an bhfuacht taobh amuigh.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “fat — Aistriúchán Gaeilge ar fat (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-03-22.
  2. Hussey, Matt (2011). "Saill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.