Sabhána

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sabhána trópaiceach i dtuaisceart na hAstráile

Tugtar sabhána ar réigiúin féaraigh na dtrópaicí is na bhfothrópaicí, idir na foraoisí báistí trópaiceacha is na gaineamhlaigh. Cuireann fad an tséasúir neamhthorthúil bac ar fhás forleathan crann. Bíonn crainn scaipthe ann—acaicia, mar shampla — atá oiriúnaithe don bháisteach fhíorannamh. Cabhraíonn tinte nádúrtha is tinte na ndaoine le cur chun cinn is caomhnú an fhéaraigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sabhána". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 571.