SS

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSS
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

ManaMeine Ehre heißt Treue (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálparaimíleatach Páirtí na Naitsithe
squadron (en) Aistrigh
eagraíocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrepolitical repression (en) Aistrigh, cinedhíothú, cogadh, oppression (en) Aistrigh agus counter-insurgency (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaNaitsíochas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitStoßtrupp Adolf Hitler (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh4 Aibreán 1925
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte8 Bealtaine 1945
10 Deireadh Fómhair 1945 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ballraíocht800,000 (1944) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
UachtaránachtReichsführer-SS Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir/bainisteoirJulius Schreck (en) Aistrigh (1925–1926)
Joseph Berchtold (en) Aistrigh (1926–1927)
Erhard Heiden (en) Aistrigh (1927–1929)
Heinrich Himmler (1929–1945)
Karl Hanke (en) Aistrigh (1945–1945) Cuir in eagar ar Wikidata
Duine ábharthaHeinrich Himmler
Josef Mengele
Reinhard Heydrich (en) Aistrigh
Rudolf Höß Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsiú inmhéanachDas Schwarze Korps (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Le cuid

Seasann na litreacha SS do Schutzstaffel der NSDAP, is é sin, Scuad Cosanta Pháirtí na Naitsithe. Bhí an SS ar an eagraíocht ba mhíchlúití i stát coiriúil na Gearmáine Naitsíche, agus an-pháirt acu san Uileloscadh. Ar dtús, is mar gharda cosanta d'Adolf Hitler a bunaíodh an eagraíocht. Nuair a ghabh na Naitsithe an chumhacht, d'iompaigh an SS ina "stát taobh istigh den stát féin", eagraíocht ilchraobhach a raibh forais éagsúla chultúrtha agus eolaíochtúla dá cuid féin aici.

Cuireadh an SS ar bun ar an 4 Aibreán 1925. Ar Ard-Fheis an Pháirtí Naitsíoch sa bhliain 1926, fágadh an SS faoi smacht an SA. Is éard a bhí i gceist leis an SA, nó Sturmabteilung, ná "trúipéirí ruathair" an pháirtí agus iad ní ba neamhspleáiche ar Hitler ná an SS. Sa bhliain 1934, áfach, chuir Hitler an SA faoi chois agus maraíodh cinnirí na heagraíochta seo - is gnách "Oíche na Scian Mór" a thabhairt ar na himeachtaí seo. I ndiaidh na h-"Oíche", hiompaíodh an SS ina eagraíocht neamhspleách.

I ndiaidh na bliana 1945, cuireadh cosc ar an SS sa Ghearmáin, ós rud é gur eagraíocht choiriúil a bhí ann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]