Rómhánú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is féidir le teangacha a bheith rómhánaithe i roinnt bealaí, mar a thaispeántar anseo le Mandairínis

Is éard is rómhánú sa teangeolaíocht ann, ná córas scríofa a aistriú ó chóras scríofa éagsúil go dtí córas scríofa Rómhánach (Laidin), nó córas chun sin a dhéanamh amhlaidh. Is féidir tairbhe a bhaint as modhanna éagsúla, ar a n-áirítear traslitriú, le haghaidh ionadaíochta a dhéanamh ar théacs scríofa, agus tras-scríobh, le haghaidh ionadaíochta a dhéanamh ar an fhocal labhartha, agus teaglamaí den dá chóras. Is féidir modhanna tras-scríofa a bheith foroinnte i bhfóinéimscríobh, a dhéanann taifead ar na fóinéimí nó na haonaid ciall séimeantach sa chaint, agus i bhfogharscríobh a bhíonn ní ba dhéine, agus a thaifeadann fuaimeanna urlabhra, le cruinneas.