Rísín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Toradh triomaithe fíniúnacha áirithe. Fásann siad in áiteanna le séasúir fhada theo fáis, de bhrí gur gá na fíonchaora a bheith iomlán aibí. Triomaítear iad de ghnáth faoin nGrian. Sabhdánach an t-ainm ar an rísín ón bhfíonchaor sultanina gan síolta. Tá síolta sa mhuscrísín atá greamannach is a choimeádtar ina chrobhaing. Rísín le blas géar is comhdhéanamh ramhar, is cuirín é. Is maith an bia rísíní mar go bhfuil siúcra, vitimíní, iarann is mianraí eile iontu.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Rísín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 563.