Réaltra bíseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sampla de réaltra bíseach: an Réaltra Rotha Pionnaí (Messier 101 nó NGC 5457)

Is éard atá i réaltra bíseach ná diosca comhréidh rothlach a bhfuil réaltaí, gás agus deannach ann, in éineacht le braisle lárnach réaltaí a dtugtar an bolg air. Tá réaltaí doiléire le feiceáil timpeall orthu sin ina luan réaltrach agus a lán acu le fáil i mbraislí cruinneogacha. Edwin Hubble ba thúisce a thug cuntas ar an réaltra bíseach.[1]

Tá géaga bíseacha le fáil sna réaltraí seo atá ag síneadh amach ó lár an diosca. Bíonn réaltaí nua á nginiúint sna géaga sin agus tá siad níos soiléire ná an diosca féin de bharr a bhfuil de réaltaí óga teo OB iontu.

Tá struchtúr a bhfuil cuma barraí air le fáil i dtimpeall dhá thrian de na réaltraí bíseacha[2]. Síneann na barraí ón mbolg lárnach, áit a dtosaíonn na géaga bíseacha. Sampla de seo is ea Bealach na Bó Finne.

Is réaltraí neamhrialta agus réaltraí bíseacha amach is isteach le 60% de na réaltraí sa Chruinne áitiúil.[3] Tá siad le fáil i réigiúin ísealdlúis den chuid is mó agus is annamh i lár braislí réaltraí iad.[4]

Struchtúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltra barrtha bíseach UGC 12158.

Tá ceithre chuid sna réaltraí bíseacha:

  • Diosca comhréidh rothlach atá déanta de réaltaí (agus a bhformhór nuachumtha) agus d’ábhar idir-réaltach
  • Bolg lárnach réaltach, é déanta de réaltaí ar den saghas is sine iad den chuid is mó agus dealramh aige le réaltra éiclipseach
  • Luan réaltrach neaschruinn agus a lán braislí cruinneogacha ann
  • Dúpholl ollmhór i lár baill an bhoilg lárnaigh

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hubble, E. P. (1936). The Realm of the Nebulae. Yale University Press. ISBN 0-300-02500-9
  2. D. Mihalas, D. (1968). Galactic Astronomy. W. H. Freeman. ISBN 978-0-7167-0326-6}}
  3. Loveday, J. (1996). February, The APM Bright Galaxy Catalogue, Monthly Notices of the Royal Astronomical Society, Volume 278, Issue 4, lgh 1025–1048.
  4. Dressler, A. (1980), March, ‘Galaxy morphology in rich clusters— Implications for the formation and evolution of galaxies,’ The Astrophysical Journal, Volume 236, lgh 351–365