Oibiacht (fealsúnacht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Rud)

Is téarma san fhealsúnacht é oibiacht a úsáidtear go minic i gcodarsnacht leis an téarma suibiacht. Is breathnóir í an tsuibiacht agus is rud í a mbreathnaítear uirthi an oibiacht. I gcás fealsúna nua-aimseartha cosúil le Descartes, is staid chognaíoch é an comhfhios a chuimsíonn an tsuibiacht (rud nach féidir a bheith in amhras faoi riamh toisc gurb í an tsuibiacht amháin atá in ann a bheith in amhras) agus roinnt oibiachtaí a d'fhéadfaí a mheas nach bhfuil eiseadh iomlán acu neamhspleách ar an tsuibiacht a bhreathnaíonn orthu. Tá difríocht idir creatlacha meitifisice freisin maidir leis an ngaol idir oibiachtaí agus a gcuid airíonna, agus an féidir le oibiacht a bheith ann neamhspleách ar a cuid airíonna.[1]

Sainmhíníonn an pragmatach Charles S. Peirce oibiacht mar rud ar bith ar féidir linn smaoineamh nó labhairt faoi.[2] Go ginearálta, is aonán ar bith í: Pirimidí na hÉigipte, na déithe,[3] Sócraitéas,[3] Alpha Centauri, uimhir a seacht, easpa creidimh sa réamhchinniúint, nó eagla roimh chait. Go beacht déanann sí tagairt d'aon eiseach cinnte.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Goswick (27 Iúil 2016). “Ordinary Objects” (en). oxfordbibliographies. doi:10.1093/obo/9780195396577-0312. Dáta rochtana: 20 Aibreán 2020.
  2. Peirce. “Object”. University of Helsinki. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-02-14. Dáta rochtana: 2009-03-19.
  3. 3.0 3.1 Rettler, Bradley and Andrew M. Bailey. “Object”. Stanford Encyclopedia of Philosophy. Dáta rochtana: 29 Eanáir 2021.