Ronnie Drew

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRonnie Drew

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Meán Fómhair 1934
Dún Laoghaire, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Lúnasa 2008
73 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse éasafagach)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na mBráithre Críostaí, Baile na Manach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir stáitse, aisteoir scannáin, giotáraí, amhránaí, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1956 –
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisGiotár agus ceol gutha
Lipéad ceoilSony Music Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáistePhelim Drew Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1275421 Allmovie: p322860 TV.com: people/ronnie-drew
Musicbrainz: fc7f2df9-ad78-4243-a14a-c23520e29b11 Discogs: 899364 Allmusic: mn0000275711 Find a Grave: 29114951 Cuir in eagar ar Wikidata

B'amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta Éireannach é Ronnie Drew (16 Meán Fómhair 193416 Lúnasa 2008). Bhí sé ina phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil thraidisiúnta The Dubliners, rud a thuill an cháil is mó dó. Chuir sé tús le gairm cheoil mar amhránaí aonair sa bhliain 1995.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ronnie Drew i nDún Laoghaire sa bhliain 1934. Chaith sé tamall i Sevilla na Spáinne sna 1950idí ag múineadh Béarla agus ag foghlaim cheol na Spáinne agus bhain sé líofacht amach sa Spáinnis ansin.[1]

The Dubliners[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Ronnie Drew The Dubliners in éineacht le Luke Kelly, Ciaran Bourke agus Barney McKenna i 1962. Bhí an t-ainm The Ronnie Drew Group orthu ar dtús, ach ghlac siad an t-ainm The Dubliners chucu féin de réir a chéile. Aithníodh Ronnie as an nguth greanach a bhí aige agus é ag canadh agus chuir muintir Bhaile Átha Cliath aithne orthu agus ar a gcuid ceoil le linn dóibh a bheith ag seinm go rialta i dTeach Tábhairne O'Donoghue's ar Rae Mhuirfean. Díríodh aird mhór ar an mbanna nuair a bhí amhrán mór-ráchairte acu i gcairteacha ceoil na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1967, mar atá, Seven Drunken Nights agus chuaigh an grúpa ar an gclár ceoil cáiliúil, Top of the Pops, chun é a chasadh. Ach chuir RTÉ cosc ar chasadh an amhráin ar a stáisiúin siúd mar gheall ar liricí an amhráin a bheith gáirsiúil, dar leo.

Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile. D'fhág sé an banna ar feadh tréimhse idir 1975 agus 1979. D'fhág sé an grúpa go buan ina dhiaidh sin, i 1995. Tugadh onóir dó mar cheoltóir ar 22 Lúnasa 2006 nuair a feistíodh múnla de lorg a lámh ar an gcosán taobh amuigh d'Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath.[2]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Ronnie Drew bás ag 2.40in ar 16 Lúnasa 2008 in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath.[3] Bhí ailse scornaí air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.[4] Cuireadh é sna Clocha Liatha, i gContae Chill Mhantáin, áit a raibh sé ag cur faoi le fada go dtí gur bhásaigh sé.[5] Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíodhna.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ronnie Drew (1975)
  • Guaranteed (1978)
  • Dirty Rotten Shame (1995)
  • The Humour Is On Me Now (1999)
  • A Couple More Years (le Eleanor Shanley) (2000)
  • An Evening With Ronnie Drew (2004)
  • El Amor De Mi Vida (le Eleanor Shanley) (2006)
  • A New World (EP) (2006)
  • There's Life In The Old Dog Yet (2006)
  • Pearls (album) (le Grand Canal) (2007)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]