Rita Kelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRita Kelly
Beathaisnéis
Breith1953
70/71 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Is scríbhneoir Éireannach í Rita Kelly.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Rita Kelly i nGaillimh sa bhliain 1953, an duine ba shine de thriúr. Phós sí Eoghan Ó Tuairisc, nach maireann. Bhí sí ina scríbhneoir lánaimseartha ó 1972 go 1980. Ina dhiaidh sin ghlac sí post mar bhainisteoir ar chomhlacht foraoiseachta. Tar éis di ocht mbliana a chaitheamh sa phost sin d'fhill sí ar an scríbhneoireacht lánaimseartha, agus chaith sí le tréimhsí múinteoireachta i scoileanna, i gcoláistí agus i bpríosúin chomh maith. Bhí sí ina Scríbhneoir Cónaitheach i gCo. Laoise is i gCo. an Chabháin ar feadh tamaill. Scríobhann sí sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Turas go Bun na Spéire (Cló Iar-Chonnachta, 2009)
  • Travelling West (Arlen House, 2000)
  • Fare Well: Beir Beannacht (Attic Press, 1990)
  • An Bealach Éadóigh (Coiscéim, 1984)
  • Dialann sa Díseart (Coiscéim, 1981) [i gcomhar le hEoghan ó Tuairisc]

Prós[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Kelly reads Bewick (Arlen House, 2001)
  • Gearrscéalta The Whispering Arch and other stories (Arlen House, 1986)

Eagarthóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Poetry Broadsheet, Kilkenny (2002)
  • Cavan Anthology (2000)
  • Dánta - Waterford Institute of Technology (2004)
  • From here to the horizon: Laois anthology (Comhairle Contae Laoise, 1999)
  • Carlow Anthology (1997)
  • Carlow Anthology (1996)
  • Poetry Ireland Review No. 13 (1984) [i gcomhpháirt le Conleth Ellis]
  • Éigse Carlow Journal & Anthology (1979)