Riobárd Bartún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRiobárd Bartún

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Márta 1881
Áth na mBó, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Lúnasa 1975
94 bliana d'aois
Áth na mBó, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaDerralossary Churchyard Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil


Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
2 Aibreán 1919 – 26 Lúnasa 1921 – Art O'Connor →
Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: West Wicklow (en) Aistrigh

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: West Wicklow (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Rugby Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, breitheamh, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Teaghlach
CéileRachel Warren (1950–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCharles William Barton  agus Agnes Alexandra Frances Childers

Find a Grave: 118140602 Cuir in eagar ar Wikidata

dhlíodóir, státaire agus feirmeoir Éireannach é Riobárd Childers Bartún (1881 - 10 Lúnasa, 1975), nó Robert Childers Barton as Béarla.

Rugadh Riobárd Bartún do theaghlach a bhí go maith as i gContae Chill Mhantáin. Fuair sé a chuid oideachais i Rugby School, Warwickshire, i Sasana, ansin i Christ Church, Oxford agus sa Royal Agricultural College in Gloucestershire.

Thacaigh an Bartúnach le Rialtas Dúchais agus chuaigh sé isteach in Oglaigh na hÉireann i 1913. Nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach liostáil sé i bhFiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath agus bhí sé i mbun seirbhise i mBaile Átha Cliath le linn d'Éiri Amach na Cásca a bheith á chur faoi chois. Ina dhiaidh sin d'éirigh sé as an arm agus chuaigh sé ag plé leis an bpolaitíocht scarúnaíoch. Toghadh é ina Fheisire neamhfhreastail do Shinn Féin le haghaidh Cill Mhantáin Thiar i dtoghchán mhí na Nollag 1918 agus ghlac sé a shuíochán mar Theachta Dála sa chéad Dáil Éireann, áit ar ceapadh é ina aire talmhaíochta.


Col ceathrair le Robert Erskine Childers ab ea é, a bhí i measc na daoine a shínigh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921.