Reachtas Aspalda Eoin Máire Vianney Naofa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaReachtas Aspalda Eoin Máire Vianney Naofa
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósJean-Marie Vianney Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálapostolic administration (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnCaitliceachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2002
Gníomhaíocht
Achar dromchla12,520 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht31,128 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtFernando Arêas Rifan (2002–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinadapostolica.org Cuir in eagar ar Wikidata

Aonad rialtais faoi leith taobh istigh den Eaglais Chaitliceach is ea an Reachtas Aspalda Pearsanta Eoin Máire Vianney Naofa. Idir 1949 agus 1981, ba é Dom Antonio de Castro Meyer Easpag Champos sa Bhrasaíl. Tar éis an Dara Comhairle Vatacánach, choimeád an tEaspag de Castro Meyer an tAifreann Laidineach i bhfeidhm, cé nár chuir sé cosc ar Aifreann nua an Pápa Pól VI i bPortaingéilis. Nuair a bhí ar an tEaspag de Castro-Meyer éirí as, tháinig scoilt idir na tradisiúineóirí agus na liobráiligh i ndeoise Champos. Chuaigh an t-iareaspag i gcomhaontas leis an Ardeaspag Marcel Lefebvre. Rinne an Pápa Eoin Pól II coinnealbhá ar an mbeirt acu nuair a choiscrigh siad ceathrar sagart ina n-easpag gan cead ar 30 Meitheamh 1988.

Mhair an tEaspag de Castro-Meyer go dtí 25 Aibreán 1991 agus é ina uachtrán ar Aontas Sagartúil Naomh Eoin Vianney. Thogh na sagairt an Athair Licinio Rangel i gcomharbacht air. Choiscrigh triúir easpag coinnealbháite an tAthair Rangel in Iúil 1991. Coinnealbhádh an tEaspag Rangel chomh maith ina dhiaidh.

Ar 15 Lúnasa 2001, scríobh an tEaspag Rangel don Phápa Eoin Pól II ag lorg athmhuintiris. Ar Lá Nollaig na bliana sin, chuir an Pápa ceal ar an choinnealbhá i gcoinne an Easpaig Rangel. Ó 18 Eanáir 2002, rinneadh deoise phearsanta faoin Aontas Eoin Máire Vianney leis an Easpag Rangel ina easpag pearsanta. Fuair an tEaspag Rangel bás ar 18 Nollaig 2002 agus tháinig an tEaspag Fernando Arêas Rifan i gcomharbacht air. Ba é an tEaspag Rifan an chéad sagart a choiscríodh ina Easpag de réir liotúirge traidisiúnta na hEaglaise Rómhánaigh le cead eaglasta ó thús an nua liotúirge ar aghaidh. Tá sagairt an Reachtais Pearsanta ag obair in dosaen deoisí sa Bhrasaíl.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]