Rannpháirteachas le páirtithe leasmhara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samplaː Wikimedia sa bhliain 2018
Samplaː Wikipedia sa bhliain 2018

Is éard is Rannpháirteachas le páirtithe leasmhara ann ná an próiseas ina ndéanann eagraíocht daoine a bheith bainteach léi. Is daoine iad seo ar féidir go mbeidh tionchar acu sin ar chinntí a ghlacann an eagraíocht nó daoine ar féidir leo dul i bhfeidhm ar chinntí na heagraíochta.

Is féidir leis na daoine seo tacú nó dul i gcoinne na gcinntí sin, dul i bhfeidhm ar an eagraíocht nó sa chomhphobal ina n-oibríonn sí, róil oifigiúla a bheith acu nó is féidir leis an eagraíocht difear a dhéanamh dóibh féin.

Gnéithe den Rannpháirteachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cuid lárnach é an rannpháirteachas seo den fhreagracht shóisialta chorparáideach agus an bhunlíne thriarach á baint amach. Déanann comhlachtaí rannpháirtithe a spreagadh le páirt a ghlacadh i ndioscúrsa le fáil amach a bhfuil ag teastáil ó thaobh na sochaí is na timpeallachta de.

Is uirlis atá ann a mbaineann eagraíochta poiblí agus príobháideacha úsáid aisti, ach go háirithe nuair is mian leo comhthuiscint agus teacht le chéile a bhaint amach ar shaincheisteanna faoi leith nó ceisteanna atá casta go maith. Bunchloch den Rannpháirteachas le páirtithe leasmhara ná go mbíonn deis ag rannpháirtithe dul in bhfeidhm ar chóras na gcinntí. Is é seo a shainíonn an Rannpháirteachas le páirtithe leasmhara, murb ionann agus próiséas cumarsáide ina ndéantar iarracht dul i bhfeidhm ar ghrúpa le go dtiocfaidh sé le cinneadh a glacadh cheana.

Tá creat a chruthaigh [1] The Environment Council ar fáil anseo Principles of Authentic Engagement Curtha i gcartlann 2013-05-07 ar an Wayback Machine.

Is minic gur iad an gnó, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí saothair, tionscalaíocht, rialtais agus eagraíochtaí airgeadais a chleachtann an Rannpháirteachas le páirtithe leasmhara.[2]

Gnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gá go gcomhaontódh daoine ar rialacha na n-imeachtaí agus go dtuigfeadh daoine an ról ar leith atá ag gach éinne eile.[2]Ceannach isteach riachtanach má táthar ag súil go n-éireoidh le Rannpháirteachas le páirtithe leasmhara.[3]

Buntáistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le Rannpháirteachas le páirtithe leasmhara, cuirtear deiseanna ar fáil a thógann cleachtais ghnó agus riachtanais agus an méid lena bhfuil an tsochaí ag súil a thabhairt le chéile, ar bhealach a chothaíonn an inmharthaineacht agus luach do na rannpháirtithe.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Stakeholder engagement | Project Gutenberg Self-Publishing - eBooks | Read eBooks online". self.gutenberg.org. Dáta rochtana: 2021-04-25.
  2. 2.0 2.1 "accountability21.net". www.accountability21.net. Dáta rochtana: 2021-04-25.
  3. "Stakeholder Engagement: A Good Practice Handbook for Companies Doing B" (en). www.ifc.org. Dáta rochtana: 2021-04-25.
  4. "TriplePundit | We report the business case for sustainability". www.triplepundit.com. Dáta rochtana: 2021-04-25.