Radaíocht Čerenkov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Radaíocht leictreamaighnéadach a tháirgeann cáithníní luchtaithe fo-adamhacha nuair a thaistealaíonn siad trí ábhar trédhearcach ar luas níos mó ná luas forleata an tsolais san ábhar sin. D'fhionn Pavel Čerenkov an iarmhairt. Braitheann tonnfhad na radaíochta ar mhais is luas na gcáithníní. Thaispeáin Čerenkov, Frank is Tamm gur saghas tonn turrainge a tharlaíonn sa mheán faoi na cúinsí seo. Baintear feidhm as an iarmhairt chun luasanna cáithníní i dturgnaimh ar fhisic na gcáithníní a thomhas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Radaíocht Čerenkov". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 131.