Quo vadis?

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Domine, quo vadis?
Pictiúr le Annibale Carracci, 1602

Tagraíonn an nath cainte Laidineach seo Quo vadis? (cá bhfuil do thriall?) do scéal a insítear i scríbhinní Naoimh Póil faoi Naomh Peadar agus é ar a theitheadh as an Róimh roimh shaighdiúirí Nearó, Impire na Róimhe.

Deirtear gur casadh Críost air ar an Via Appia, agus d'fhiafraigh Peadar de Quo vadis, Domine? (Cá bhfuil do thriall, a Thiarna?). Séard a d'fhreagair Críost ná Venio Romam iterum crucifigi (táim ar mo bhealach go dtí an Róimh le go gcrochfar arís mé). Ar an toirt, d'iompaigh Peadar ar ais. Crochadh é ar chros sa Róimh go gairid tar éis sin.

Tá séipéal sa lá atá inniu ann, ar an Via Appia, a ghlaoitear Domine, Quo Vadis? ag an áit a tharla an eachtra seo.