Púca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Púca, le Padraic Colum (1916)[1]

Púca a thugtar ar arracht i miotaseolaíocht na nGael a fhuadaíonn daoine, ach d'fhéadfaidís a bheith ina gcreach nó ina gcabhair le daoine.[2] Riocht capaill nó gabhair a bhíonn ar an bpúca de ghnáth cé go mbíonn riochtanna eile air amanna, m.sh. riocht iolair. Tugtar pwca air i mBreatnais agus tá bucca ann i miotaseolaíocht Chorn na Breataine, focal a thagann ón nGaeilge.

Tá sé de nós ag an bpúca duine a chaitheamh suas ar a dhroim go n-iompraíonn sé an duine ar thuras scioptha ar fud na dúiche. Is minic a ghortaítear an marcach neamhthoilteanach, cé go dtagann sé/sí slán ach scanraithe go smior amanta eile.

Daoine ar meisce is mó a thagann ar an bpúca i rith oícheanta dorcha gan ghealach. Ar ndóigh, tá baint ag an bpúca, a thaibhríonn san oíche, leis an "nightmare" ("láir oíche") as traidisiún Gearmánach an Bhéarla. Tá dlúthbhaint ag an bpúca, freisin, leis an each uisce, atá fiú níos contúirtí go mbánn daoine.

Déantar iad a cheangal le neacha neamhsaolta eile, uaireanta: "Mná ab eadh na spiridí, agus fir ab eadh na púcaí."[3]

Dul i nGleic Leo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh "uirlisí cosanta" áirithe ag daoine i gcoinne púcaí, mar atá bior crua nó scian coise duibhe. I scéal amháin, agus fear thuas ar dhroim phúca, sháigh sé scian coise duibhe ann. D'iarr an púca air ansin an scian a tharraingt, ach d'fhág sé é mar a bhí agus an mhaidin dár gcionn bhí an scian sáite i meall beag glóthaí. D'fhás tor fheileastram ar an láthair i ndiaidh sin.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Padraic Colum (1916). "The king of Irelands son". New York: H. Holt and Company. 
  2. "site:.duchas.ie "Púca" - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2022-08-28.
  3. Domhnall Ó Murchadha (1939). "Sean-aimsireacht" (as ga). Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair. 
  4. Domhnall Ua Murchadha (1939). "Sean-Aimsireacht": lch 73. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.