Pápa Eoin Pól II

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPápa Eoin Pól II

(1980) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Ioannes Paulus PP. II
Beathaisnéis
Breith(pl) Karol Józef Wojtyła
18 Bealtaine 1920
Wadowice, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Aibreán 2005
84 bliana d'aois
an Pálás Aspalda, Cathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Dímheabhair na seanaoise, seipticéime, Galar Parkinson agus ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaBaisleac Pheadair 41°54′09″N 12°27′16″E / 41.90245°N 12.45437°E / 41.90245; 12.45437 Cuir in eagar ar Wikidata
264 Pápa
16 Deireadh Fómhair 1978 – 2 Aibreán 2005
← Pápa Eoin Pól IPápa Beinidict XVI →
Cairdinéal-sagart San Cesareo in Palatio (en) Aistrigh
28 Meitheamh 1967 – 2 Aibreán 2005
Ceaptha ag: Pápa Pól VI
Cairdinéal
26 Meitheamh 1967 –
Ard-Easpag Kraków
13 Eanáir 1964 – 16 Deireadh Fómhair 1978
← Adam Stefan SapiehaFranciszek Macharski →
Easpag Caitliceach
28 Meán Fómhair 1958 –
Easpag teidealach
31 Lúnasa 1958 – 13 Eanáir 1964
← James Johnston Navagh (en) AistrighAntónio de Castro Xavier Monteiro →
Deoise: Ombi (en) Aistrigh
Easpag teidealach
4 Iúil 1958 – 31 Lúnasa 1958
Deoise: Diocese of Antigonia (en) Aistrigh
Easpag cúnta
4 Iúil 1958 – 13 Eanáir 1964
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachPolannaigh
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach agus Caitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síTheology faculty of the Jagiellonian University (en) Aistrigh - Doctor of Sacred Theology (en) Aistrigh (1953–1954)
Pontifical University of Saint Thomas Aquinas (en) Aistrigh - Licentiate of Sacred Theology (en) Aistrigh (1946–1947)
John Paul II Catholic University of Lublin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Diadhachta
Tráchtas acadúilDoctrina de fide apud S. Ioannem a Cruce (1948 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaWładysław Wicher
Teanga dhúchaisan Pholainnis
Gníomhaíocht
Réimse oibreMinistreacht Pheadair
Suíomh oibre Zakrzówek (en) Aistrigh
Lublin
An Róimh
Kraków
Borek Fałȩcki (en) Aistrigh
Niegowić (en) Aistrigh
Cathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmeaspag Caitliceach (1958–), sagart Caitliceach Rómhánach (1946–), latin catholic deacon (en) Aistrigh (1946–), transitional deacon (en) Aistrigh (1946–1946), polaiteoir, Pápa, file, fealsamh, gníomhaí ar son chearta an duine, Ardeaspag, scríbhneoir, ollamh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre? – 2005
FostóirOllscoil Jagiellonian
John Paul II Catholic University of Lublin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ainm cleiteAndrzej Jawień
Stanisław Andrzej Gruda
Piotr Jasień Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Pholainnis, Esperanto, an Iodáilis, an Spáinnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Laidin, an Phortaingéilis, Béarla, an Úcráinis, an Liotuáinis, an Rúisis agus an Bhealarúisis
Gairm mhíleata
Brainse míleataArmia Krajowa
CoisreacanEugeniusz Baziak Cuir in eagar ar Wikidata
Ardú
Lá féile22 Deireadh Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1995World Youth Day 1995 (en) Aistrigh
28 Bealtaine 1982Pope John Paul II's visit to the United Kingdom (en) Aistrigh
13 Bealtaine 1981Pope John Paul II assassination attempt (en) Aistrigh
14 Deireadh Fómhair 1978comhthionól cairdinéal Deireadh Fómhair 1978
26 Lúnasa 1978comhthionól cairdinéal Lúnasa 1978
11 Deireadh Fómhair 1962An Dara Comhairle Vatacánach
World Youth Day 1991 (en) Aistrigh
World Youth Day 1985 (en) Aistrigh
Pope John Paul II visit in Israel. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairKarol Wojtyła  agus Emilia Wojtyła
SiblínEdmund Wojtyła
Croineolaíocht
27 Aibreán 2014canónú (Saint Peter's Square (en) Aistrigh)
1 Bealtaine 2011beatification (en) Aistrigh (Saint Peter's Square (en) Aistrigh)
8 Aibreán 2005sochraid
20 Meán Fómhair 1996pastoral visit (en) Aistrigh (scrín Sainte-Anne d'Auray)
26 Meitheamh 1967created cardinal (en) Aistrigh, per Pápa Pól VI
28 Meán Fómhair 1958coisreacan (Wawel Cathedral (en) Aistrigh)
1 Samhain 1946priestly ordination in the Roman rite (en) Aistrigh, per Adam Stefan Sapieha
20 Deireadh Fómhair 1946diaconal ordination (en) Aistrigh, per Adam Stefan Sapieha Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

(la) Totus tuus

Suíomh gréasáinvatican.va… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0937552 Allocine: 36923
Musicbrainz: b3e2a4cb-3e2b-4d77-b744-89dc43e8362b Discogs: 710815 Find a Grave: 10717244 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an Pápa Naomh Eoin Pól II (Laidin: Ioannes Paulus PP. II), nó Karol Józef Wojtyła (18 Bealtaine 1920 - 2 Aibreán, 2005), ina Phápa ón 16 Deireadh Fómhair 1978 go dtí lá a bháis sa bhliain 2005. Bhí sé i gceannas ar an Eaglais Chaitliceach le beagnach 27 mbliana.

Ba é Eoin Pól an dara Pápa ab fhaide a d'fhan i mbun na hoifige. Ba é an t-aon Pholannach amháin a bhí ina Phápa riamh, agus é ar an chéad Phápa neamh-Iodálach ó laethanta Aidrian VI sna 1520idí i leith.

lá na chéad Chomaoineach

Canónaíodh é go hoifigiúil ar an 27 Aibreán 2014. Ceiliúrtar a lá féile ar an 22 Deireadh Fómhair:[1]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

cliarscoil, 1930idí

Rugadh Karol Józef Wojtyła ar an 18 Bealtaine 1920 i Wadowice i ndeisceart na Pholainne. Fuair a mháthair, Emilia Kaczorowska, bás i 1929, nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d'aois agus thug a athair airgead dó chun staidéar a dhéanamh. Bhí a óige marcaithe le teagmháil rialta leis an bpobal Giúdach i Wadowice a bhí ag rafar ag an am; tá cruthú ann go raibh máthair an Karol óg bainte as an bpobal Giúdach.

Chláraigh Karol ag an Ollscoil Jagiellonian i gKraków. D'oibrigh sé mar leabharlannaí saorálach agus rinne sé traenáil riachtanach míleata sa Léigiún Acadúil. Ina óige bhí sé ina lúthchleasaí, aisteoir agus scríbhneoir drámaí agus d'fhoghlaim sé aon teanga déag i rith a shaoil, san áireamh an Laidin, an Ghréigis, an Spáinnis, an Fhraincis, an Iodáilis, an Ghearmáinis, agus Béarla. Bhí sé ábalta an Rúisis a labhairt freisin ach ní raibh sé líofa.

Karol Wojtyła ina ghasúr, 1920idí
1949-1951

I rith an Dara Cogadh Domhanda bhí scoláirí ón Ollscoil Jagiellonian gafa agus bhí an ollscoil curtha faoi chois. Bhí ar gach fear sláintiúil post a bheith aige. D'oibrigh sé mar theachtaire bialainne agus mar oibrí i gcairéal aolchloiche.

I 1942 chuaigh sé isteach i gcliarscoil faoi thalamh a reáchtáil Ard-Easpag Kraków, an Cairdinéal Sapieha.

Bhí Karol Wojtyła oirnithe mar shagart ar an 1 Samhain, 1946. Tar éis am gearr, cuireadh é go dtí Ollscoil Pápach Naomh Tomáis Aquinas chun staidéar a dhéanamh ar an diagacht. Bronnadh céim air ansin agus níos déanaí bhain sé dochtúireacht amach i ndiagacht naofa. Bhí an dochtúireacht sin, an chéad as péire, bunaithe ar an tráchtas Laidine Doctrina de fide apud S. Ioannem a Cruce (Teagaisc an Chreidimh de réir Naomh Eoin na Croise).

Krakowie, 1967

Cé gur ghlac gach uile dhuine a chuid oibre don dochtúireacht i Meitheamh sa bhliain 1948, níor bronnadh an chéim air mar ní raibh an t-airgead aige chun téacs a thráchtais a chlóbhualadh (riail de chuid na hollscoile). I mí na Nollag sa bhliain chéanna, chlóbhuail sé a thráchtas agus bhí sé glactha i ndámh na diagachta in Ollscoil Jagiellonian in Kraków, agus faoi dheireadh fuair Wojtyła a chéim.

1972

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

le George H W Bush

I dtús, bhí sé ag cur in aghaidh an Chumannachais.

1966

Sa dara leath dá réimeas, ba mhinic a cháin sé idir Fhaisisteachas agus Chumannachas ina chuid óráidí, chomh maith le cogadh, deachtóireacht, ábharachas, caipitleachas neamhshrianta, agus na rudaí go léir ar thug sé "cultúr an bháis" orthu, cosúil leis an nginmhilleadh, an eotanáise, agus pionós an bháis.

Ar an 13 Bealtaine 1981, Piazza San Pietro, bhí an Pápa ina shuí sa "popemobile" seo,

Ina lán bealaí, throid sé in aghaidh na leithcheala, an tsaoltachais agus na bochtaineachta. Cé go raibh sé ar théarmaí cairdiúla lena lán ceannairí agus príomhshaoránaigh an Domhan Thiar, thaisc sé freasúra go speisialta don rud a chreid sé mar na héifeachtaí creimneacha spioradálta an tomhaltachais nua-aimseartha Iartharaigh agus na meabhair shaolta agus pheacúla na ndaonraí Iartharacha.

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí Eoin Pól II ina Phápa, chuaigh tionchar na hEaglaise go mór i laghad san Iarthar. Ach ag an am céanna, ghlac cuid mhaith daoine leis an gcreideamh Caitliceach sa Tríú Domhan.

Chuir Eoin Pól II brú arís ar theagaisc traidisiúnta Chaitliceacha mar bhí sé in aghaidh ginmhillte, frithghiniúna, phionóis an bháis, teagaisc cillín cosach suthach, clónála dhaonna, na heotanáise, agus chogaidh. Chosain sé freisin teagaisc thraidisiúnta ar phósadh agus róil gnéis mar bhí sé in éadan an cholscartha, phósadh céanna-gnéis agus oirniú na mban. Ghlaoch Eoin Pól II ar leanúnaithe bheith ag vótáil de réir teagaisc Chaitliceach, agus mhol sé do shagairt an Chomaoineach Naofa a shéanadh ar pholaiteoirí a chuaigh ar seachrán.

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh an "Pápa Oilithreach" ar Eoin Pól II. Rinne Eoin Pól taisteal ar fud an domhain, níos mó ná aon Phápa eile agus níos mó fiú ná cuid mhór de na ceannairí polaitiúla.

Bhí na seacht dteangacha ar a thoil aige, nó amach ón bPolainnis, a bhí aige ó dhúchas, bhí Laidin, Iodáilis, Fraincis, Béarla, Gearmáinis, Spáinnis, Cróitis, Rúisis agus Portaingéilis aige.

Pápa Eoin Pól IIː Meitheamh 2004

Thug sé cuairt ar Éirinn ar an 29 Meán Fómhair 1979.[2]

De réir Eoin Pól II, sheas na turais mar iarrachtaí droichid a thógáil (ag coimeád lena theideal mar Pontifex Maximus, go litriúil, Máistir na hTógálaithe-Droichid) idir náisiúin agus creidimh, ag iarraidh go scriostar scoilteanna a rinneadh tríd na staire.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iarracht ar mharú. Ar an 13 Bealtaine 1981, scaoileadh ceithre urchar leis an bPápa. Bhí an sé ina shuí sa "popemobile" i bPiazza San Pietro, sa Róimh. Bhí sé gortaithe go dona ag an Turc, Mehmet Ali Ağca.

Sa bhliain 1992, haithníodh go raibh galar Parkinson air. Bhí sé ag streachailt leis na galair éagsúla a bhí ag luí air blianta deireanacha a shaoil, agus bhí an cheist i mbéal an phobail, ar chóir dó éirí as an bPápacht roimh a bhás.

Ar an 2 Aibreán 2005, shíothlaigh sé ina chuid seomraí, agus slua mór daoine ag coinneáil bigile ina onóir i gCearnóg Naomh Peadar. Tháinig na milliúin de dhaoine go dtí an Róimh leis an bPápa a fhaire is a thórramh.

Ba chomharba Eoin Pól II é Cairdinéal Iósaf Ratzinger as an nGearmáin. Bhí sé i gceannas ar Aifreann na Marbh d'Eoin Pól II, mar Déan Coláiste na gCairdinéal.

Ar an 9 Bealtaine 2005, d'ainmnigh a chomharba é don bheannú, an chéad chéim i gcanónú na naomh san Eaglais Chaitliceach, beag beann ar an moill cúig bliana ba nós a choinneáil i gcásanna mar seo.

Naomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díreach i ndiaidh a bháis, d'éiligh mórán dá leanúnaithe go ndéanadh naomh de chomh luath agus is féidir, ag scairte "Santo Subito" ("Naomh Láithreach" in Iodáilis). Seoladh L'Osservatore Romano agus an Pápa Beinidict XVI, comharba Pápa Eoin Pól II, mar "Mór".

Bhí 482 naomhaí ainmnithe ag Eoin Pól II[3], níos mó ná aon phápa eile. Dearbhaíonn an Vatacáin go ndearna sé níos mó naomhaí ná gach pápa le chéile i rith na cúig chéad bliana seo caite.

ardeaglais St. Mary's, Sydney, An Astráil

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneofar ar Eoin Pól II mar "Phápa na nDaoine". Bhí meas ag daoine timpeall an domhain air, ag na Críostaí agus na neamh-Chríostaí freisin. Shroich lámha an Phápa Eoin Pól II timpeall an domhain.

Tá a phápacht cuimhnithe lena mhodh oibre éacúiméineach dothuirsithe chun lóistín a thabhairt do chomhlachtaí Críostúil eile agus freisin chun teagmháil níos fearr a dhéanamh leis an Domhan Ioslamach. Ag a shochraid, bhí a lán creideamh neamh-Chríostúil léirithe, san áireamh ionadaí ón nGiúdachas, Ioslam agus Búdachas.

Rinneadh naomhphátrún Lá Óige an Domhain de, nuair a ceiliúradh an lá sin i Sydney san Astráil sa bhliain 2008. Chuir sé féin tús leis an bhféile chéanna sa bhliain 1986.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Máirín Ní Ghadhra (Lúnasa 2018). "Is muidne an ghlúin chéanna a bhí faoi gheall ag an bPápa Eoin Pól II i 1979 ..." (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2020-09-29.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Reáchtáladh an searmanas insealbhaithe de chuid an Phápa ar an 22 Deireadh Fómhair 1978
  2. "Pope John Paul II's visit to Ireland" (as en) (2020-02-03). Wikipedia. 
  3. List of saints canonized by Pope John Paul II