Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann
Sonraí
Ainm gearrAPNI Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaliobrálachas
neamhsheicteach
Eorpachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtalárnachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh21 Aibreán 1970
Bunaitheoir(í)Oliver Napier Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deLiberal International (en) Aistrigh
Alliance of Liberals and Democrats for Europe Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtDavid Ford (2001–2016)
Naomi Long (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinallianceparty.org Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: allianceparty Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí polaitiúil liobrálach neamh-sheicteach i dTuaisceart Éireann é Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (Alliance Party of Northern Ireland sa Bhéarla). Úsáidtear Páirtí na Comhghuaillíochta agus Páirtí an Chomhaontais go minic freisin. Is é an cúigiú páirtí is mó i dTuaisceart Éireann faoi láthair le hocht suíochan i dTionól Thuaisceart Éireann agus suíochán amháin i dTeach na dTeachtaí i Londain.

Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1970 agus ar dtús ba páirtí aontachtach réasúnta neamh-sheicteach é. I rith na h-ama, go háirithe sna 1990í, bhog an páirtí go dtí seasamh neodrach ar cheist an Aontais idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain. Seachnaíonn an páirtí na lipéid "Náisiúnach" agus "Aontachtach" i dTionól Thuaisceart Éireann - úsáidtear an lipéad "Eile" don pháirtí. Tá an páirtí in éadan na lipéid oifigiúla a úsáidtear san Tionól.

Bhuaigh an páirtí suíochán i dTeach na Teachtaí don chéad uair sa bhliain 2010 nuair a fuair Naomi Long an ceann is fearr ar Peter Robinson, ceannaire an DUP i ndáilcheantar Bhéal Feirste Thoir.

Ceannairí an pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]