Pomagránait

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tom nó crann duillsilteach é an phomagránait (Punica granatum). Tá sí spíonach uaireanta, agus fásann sí suas le 9 m ar airde. Dúchasach d'iardheisceart na hÁise soir go tuaisceart na hIndia, ach saothraithe san Eoraip leis na cianta fada. Na duilleoga suas le 8 cm ar fhad, snasta leathfhada urchomhaireach; na bláthanna 2-4 cm ar leithead, an chailís is na peitil scarlóideach; na torthaí 5-8 cm ar leithead, cruinn le craiceann leathrúil, buí nó scothdhearg. An-chuid síolta, gach ceann cumhdaithe i mbia tréshoilseach scothchorcra súmhar milis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pomagrainít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 532.