Plúirín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DathPlúirín

Comhordanáidí speictreach
Tonnfhad420–450 nm
Minicíocht~714–670 THz
Comhordanáidí datha
Tripléad heicsidheachúlach#4B0082
RGB (r, g, b)(75, 0, 130)
CMYK (c, m, y, k)(54, 130, 0, 125)
HSV (h, s, v)(275°, 100%, 51%)
Tuilleadh eolais

Dath a fhaightear ó chúpla speiceas, ainil is plúirín dathaitheach, de phlanda ar leith. Toim ilbhliantúla is ea an dá cheann a fhásann go dtí 2.5 m ar airde. Na duilleoga cleiteach, na pisbhláthanna dearg ina gcrobhaingí gearra. Shaothraítí é tráth dá raibh san India is i Sumatra na hIndinéise, ach ní dhéantar a thuilleadh gur fiú trácht air. Thit an lug ar an lag ar an margadh nuair a tugadh ruaim shaorga ainilín isteach. Ar dtús úsáideadh go forleathan é i ndathú olla, cadáis is síoda, ach anois is mó a úsáidtear é chun an snáithe dlúth i ndeinim a dhathú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Plúirín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 527.