Peitriliam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peitriliam

Ola amh de bhunús bitheolaíoch a fhaightear mar dheascáin charntha faoi charraig dho-phollta is ea peitriliam. Leachtach de ghnáth, ach is féidir go mbeidh sé an-éadrom is inghluaiste nó an-slaodach. Go minic bíonn sé i láthair le huisce is gás. Is iad na príomhchomhábhair ná hidreacarbóin éagsúla, ach uaireanta bíonn comhdhúile sulfair, nítrigine is ocsaigine ann freisin. Go dtí seo fuarthas é sna Stáit Aontaithe, poblachtaí áirithe den sean-Aontas Sóivéadach, an meánoirthear, an Afraic thuaidh is thiar, an tSín, Veiniséala, an Bhrasaíl agus an Mhuir Thuaidh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Peitriliam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 515.