Panu Petteri Höglund

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPanu Petteri Höglund
Beathaisnéis
Breith17 Samhain 1966
57 bliana d'aois
Kalvola, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síÅbo Akademi Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus an Fhionlainnis

Panu Petteri Höglund (17 Mí na Samhna 1966 a rugadh é) ina ghníomhaí teanga agus litríochta de chuid na Gaeilge agus teangacha eile. Fionlannach ó dhúchas é, ach baineann cuid dá mhuintir leis an mionlach Sualannach, agus é féin ag glacadh páirt ghníomhach i saol cultúrtha an mhionlaigh.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Kalvola in aice le Hämeenlinna na Fionlainne a rugadh é, ach is in Varkaus in oirthear na Fionlainne a chaith sé a óige. Chaith sé roinnt blianta ag staidéar ceimice; ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an léann Gearmánach, Polannach agus Rúiseach in ollscoil Åbo Akademi ina thír féin go dtí gur bhain sé amach céim M.A. sa bhliain 1997.

Aistritheoir gairmiúil atá ann. Tá Fionlainnis, Sualainnis, Gearmáinis, Polainnis, Íoslainnis, Gaeilge, Rúisis agus Béarla aige, agus Fionlainnis curtha aige ar cheithre úrscéal Íoslainnise le hEinar Kárason.

2004ː An Feisire Eorpach Seán Ó Neachtain i gcuideachta Phanu Höglund, Aoife Ní Scolaí agus Phádraig Uí Laighin. Shínigh ochtó míle duine an achainí Idirlín ag éileamh stádas oifigiúil iomlán don Ghaeilge san Aontas Eorpach.[1]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séipéal i Kalvola

D'fhoghlaim sé an Ghaeilge as a stuaim féin agus tá an-eolas ar litríocht agus ar chanúint Chúige Uladh aige. Tá suíomh idirlín fairsing ilteangach aige ina gcuireann sé cúis na Gaeilge chun cinn. Chomh maith lena chuid aistí faoi stair agus litríocht na Gaeilge tá úrscéal Tachtaimis an Grá Sin, gearrscéalta, cuimhní cinn, aistriúcháin agus aistí i dteangacha éagsúla scríofa aige. I Mí na Samhna, 2009, tháinig an t-úrscéal agus trí ghearrscéal i gcló faoi chlúdach aon leabhar amháin, Sciorrfhocail[2].

Bhí an-bhaint aige leis an bhfeachtas poiblíochta chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Language group calls for status 'without delay'" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  2. ISBN 190480831 Amazon - see inside, Evertype.com