Paincréas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtPaincréas
Sonraí
Laidinpancreas
inferior pancreaticoduodenal artery (en) Aistrigh
pancreaticoduodenal veins (en) Aistrigh
In-néarógúpancreatic plexus (en) Aistrigh, celiac ganglia (en) Aistrigh agus néaróg lúbach
Aitheantóirí
MeSHD010179
TAA05.9.01.001
FMA7198 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1199
EB Onlinescience/pancreas
Téarmaíocht anatamaíoch


Paincreás

Faireog bhog mhór is ea an Paincréas (nó an briseán milis nó dúlia as Gaeilge), sa chóras díleáite agus inchríneach de chuid na veirteabraigh. Tá an Paincreás déanta as leadhbhanna beaga, a bhaineann le conair an bhia i veirteabraigh le gialla[1].

Cuma[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndaoine bíonn sé 12- 1 5 cm ar fhad, ar bhalla cúil an bhoilg os comhair an dá veirteabra lumbacha uachtaracha, ag síneadh ar chlé.

Táil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Táirgeann sé tail, idir inchríneach is eiscríneach. Tá na hailbheolais táil (an chuid eiscríneach) agus insíní Langerhans (an chuid inchríneach) ann.

Tálann na hailbheolais táil meascán bunata d'einsímí díleácha (na súlaigh phaincréasacha) a ritheann isteach sa dúidéineam.

Feidhm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann na heinsímí seo i bhfeidhm ar charbaihiodráití, ar phróitéiní, agus ar shaillte.

Sintéisíonn is tálann insíní Langerhans (a mbíonn cealla A, B is D iontu i ndaoine) honnóin a bhfuil róI acu i meitibiliú na gcarbaihiodráití.

Feidhmíonn an Paincréas mar fhaireog inchríneach, ag táirgeadh hormóin tábhachtacha, lena n-áirítear inslin, glúcagón, agus somatostaitin, agus chomh maith mar fhaireog eisicríneach, ag tál súlach paincréasach ina bhfuil einsímí dhíleácha a théann trí dhuchtanna beaga isteach sa stéig.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011) - Fréamh an Eolas (Coiscéim)