Oíche Chinn Bliana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOíche Chinn Bliana
Íomhá
Cineállá saoire
bigil de Lá Caille Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAn Athbhliain agus Pápa Sailbheastar I Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid depublic holiday in the Czech Republic (en) Aistrigh, public holidays in Latvia (en) Aistrigh agus Christmas and holiday season (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
31 Nollaig Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Le cuid


Is í Oíche Chinn Bliana oíche dheireanach na bliana agus tosaíonn an bhliain nua ar a dó dhéag a bhualadh don chlog. "Oíche na Coda Móire" nó "Oíche Chaille" a thugtaí agus a thugtar air freisin.

Ba mhó an fhéile seo i measc Ghaeil na hAlban ná i measc na nÉireannach, ach bhí roinnt traidisiúin ag baint leis an oíche seo in Éirinn mar sin féin. Tugtar "Oíche na Coda Móire" ar an oíche mar gur síleadh gur cheart go leor bia (.i. "cuid mhór") a chaitheamh i rith na hoíche chun a chinntiú go mbeadh a dhóthain bia ag gach duine den teaghlach i rith na bliana seo chugainn. Ar ndóigh, ba gheas aon bhia a thabhairt amach as an teach i rith na hoíche.

Mar chuid den cheiliúradh, chaitheadh fear nó bean an tí císte--bairín breac de ghnáth--in aghaidh an phríomhdhorais tar éis don duine an rann seo nó a leithéid a rá:

Fógraímid an gorta/
Amach go tír na dTurcach/
Ó anocht go bliain ó anocht/
is ó anocht féin amach.

Leagan eile den rann seo, nach bhfuil chomh dian ar na Turcaigh, ná:

An donas amach/
A's an sonas isteach,/
Ó anocht go bliain ó anocht,/
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naomh,
Amen.

D'itheadh an teaghlach an císte briste i ndiaidh an tsearmanais bhig seo.

In áiteacha, tá an chuma ar an scéal go ndéantaí an bairín breac a chaitheamh in aghaidh an dorais ar Nollaig na mBan. D'éag an traidisiún seo thart ar lár na fichiú haoise, cé go bhfuil cuid de na nósanna ag teacht ar ais i measc teaghlaigh a bhfuil suim acu sa gcultúr dúchasach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]