Orgán bairille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilOrgán bairille
Cineálsets of open flutes with internal duct without fingerholes (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs421.222.11-9
Ó dhúchasan Fhrainc

Sampla fuaime

Gléas ceoil meicniúil. Trí lámh ar a thaobh a rothlú, séideann an seinnteoir aer isteach i mboilg agus rothlaíonn sorcóir atá feistithe le pionnaí a ligeann aer isteach i sraith píobán. Cinneann leagan amach na bpionnaí na píobáin a fhuaimníonn agus cathain le linn an rothlaithe a sheinneann siad. Gléas ársa atá ann: d'úsáidtí san 18ú-19ú céad é chun iomainn a sheinm in eaglaisí. Bhíodh sé in úsáid go dtí le déanaí mar ghléas sráide, uaireanta le peata moncaí ina shuí anuas air.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Orgán bairille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.