Ora Maritima

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharOra Maritima
Cineáldán Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarAvienus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seánradán Cuir in eagar ar Wikidata

Dán nó periplus fileata is ea Ora Maritima ("Cois farraige") scríofa ag an bhfile Rómhánach den 4ú haois AD, Avienus. Tiomnaíodh an saothar do Sextus Claudius Petronius Probus.

Meastar go bhfuil iasachtaíochtaí sa dán ón Periplus Massiliach den 6ú RC.[1][2] Téacs ársa eile luaite ag Avienus is ea Periplus Himilco, cúr síos ar turas Púnach ar mhuir iarthar na hEorpach, a tharla ar chomh am le timpeallú na hAfraice le Hanno, c. 500 RC.[3] Tá an téacs iomlán fréamhaithe ó fhoinse lámhscríbhinne amháin, faighte san editio princeps foilsithe san Veinéis sa bhliain 1488.[4]

Is scéal é Ora Maritima don léitheoir seachas an turasóir, cúr síos mearaithe ar cheantair cois farraige an domhain aitheanta. Mar shampla, léirigh eagarthóir amháin, Berthelot, go raibh tomhais tíre Avienus fréamhaithe ó chúrsaí taistil Rómhánaigh ach go raibh roinnt sraitheanna bun os cionn. Maidir le roinnt ainmneacha ar chósta Spáinne, dúirt Berthelot:

"The omission of Emporium, contrasting strangely with the names of Tarragon and Barcelona, may characterize the method of Avienus"[5]

Le gairid, tá spleáchas saontach eagarthóra eile, an staraí-seandálaí, Adolf Schulten, ar chruinneas Avienus coigeartaithe ag scoláirí.[6]

Faightear san Ora Maritima tagairtí d'oileáin Ierneinsula sacra – agus Albion, Éire agus An Bhreatain faoi seach,[7] a bhíodh a gcónaithe ag trádáil leis na hOestrymnides as an mBriotáin.[2] Déantar tagairt fosta do Cypsela, chathair is dócha miotasach ar chósta na Catalóine.rann 521

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Donnchadh Ó Corráin, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in The Oxford Illustrated History of Ireland, R.L. Foster, eag. (Oxford University Press) 2000 ISBN 0-19-289323-8
  2. 2.0 2.1 "Avienus, Rufus Festus", The Concise Oxford Dictionary of Archaeology, Timothy Darvil, eag. (Oxford University Press) 2002
  3. ...sicut ad extera Europae noscenda missus eodem tempore Himilco. Toer, H. F. (2008). A History of Ancient Geography. Read Books, lch. 109. ISBN 1-4437-2492-0
  4. Avienus, Rufius Festus and Murphy, J. P. (1977) Ora maritima: or, description of the seacoast from Brittany round to Massilia. Ares Publishers, lch. 100. ISBN 0-89005-175-5
  5. Barthelmy, réamhrá.
  6. Schulten, Avienus, (Barcelona/Berlin) 1922.
  7. "Ireland and the Classical World" 28.