Oncaigéin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Géin a mbíonn baint aici le cilldeighilt, ach a chuireann tús le cill ailseach is sceachaill nuair a fheidhmíonn sí go mínormálta. Ciallaíonn an réimír onca(i)- baint le sceachaill i gcúrsaí míochaine. Tá géinte i ngach cill de gach gné bheo ar féidir iad a thiontú ina gcúis ailse trí athruithe dá laghad a dhéanamh orthu. Is próta-oncaigéinte iad seo, agus nuair atá siad athraithe is oncaigéinte iad. Is féidir an t-athrú seo sna géinte a bheith chomh beag le litir nó giotán amháin sa chód géiniteach ann. Is féidir nach mbeadh i gceist ach aistriú na géine ó chrómasóm amháin go crómasóm eile, ionas go n-éalaíonn sí ón meicníocht rialaithe a bhí á cóimeád faoi smacht. Mar shampla, i liomfóma Burkitt, aistriú próta-oncaigéin ó chrómasóm 8 go dtí ionad ar chrómasóm 14 gar don ghéin don imdhíonaghlóbailin is cúis leis an ailse.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Oncaigéin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 497.