Olltoghchán na hÉireann, 1918

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOlltoghchán na hÉireann, 1918
Cineálolltoghchán in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana14 Nollaig 1918 Cuir in eagar ar Wikidata
1921 Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanTeachta Dála Cuir in eagar ar Wikidata


Póstaer toghchánaíochta Shinn Féin i 1918 sa bhliain 1918

Reáchtáladh olltoghchán in Éirinn - agus sa Bhreatain ag an am céanna - ar an 14 Nollaig 1918. Tá tábhacht bhunúsach i stair na hÉireann ag baint le Olltoghchán nahÉireann, 1918. Léirigh an toghchán sin a cuireadh ar bun ar oileán na hÉireann na claonta polaitiúla go léir ag an am.[1]

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2018 gur léirigh torthaí an toghcháin 1918 féin an t-athrú amháin ba mhó in ionadaíocht pharlaiminte[2]. Thuar sé na deighiltí a mhéadódh ar an oileán. Ar feadh achair ama ghairid, chuir na héilimh ar chearta an lucht oibre, ar chearta na mban, agus ar phoblacht neamhspleách ar leith d’Éirinn, deireadh leis na fórsaí bunaithe agus le struchtúir an ama chaite.  Scaipeadh síolta sochaí a bhí níos cuimsithí – síolta ar thóg sé roinnt mhaith glúnta orthu péacadh, faraor.  Ba é ghné chumhach thoghchán 1918 gur theip ar mheas a thabhairt dá údarás agus dá bharr sin gur tharla Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha tragóideach.   

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Sinn Féin an chéad olltoghchán tar éis an Chogaidh Dhomhanda. Fuair an páirtí 73 suíochán, gan ach 26 ceann ag an bPáirtí Aontachtach... agus 6 ag an Páirtí Parlaiminteach. Léirigh an toradh go raibh Éirí Amach na Cásca tar éis dul i bhfeidhm go mór ar phobal na hÉireann.

Léirigh toradh an toghcháin chomh maith go raibh "deireadh ré buailte leis an bPáirtí Parlaiminteach".[3]

Votaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirtí Ceannasaíocht Vótaí % Vótaí Bogadh% TDanna/TPanna Athrú
(ó Nol.1910)
% den
shuíochán
Sinn Féin Éamon de Valera 476,087 46.9 Increase46.9 73 Increase73 69.5
Aontachtaí Éireannach Edward Carson 257,314 25.3 Decrease3.3 22 Increase5 20.5
Parlaiminteach na hÉireann Seán Diolún 220,837 21.7 Decrease21.9 6 Decrease67 5.7
Labour Unionist níl aon 30,304 3.0 Increase3.0 3 Increase3 2.8
Belfast Labour níl aon 12,164 1.2 Increase1.2 0 Steady0 0
Aontachtaí Neamhspleách 9,531 0.9 Increase0.9 1 Increase1 0.95
Náisiúnach Neamhspleách 8,183 0.8 0 Decrease2 0
Lucht Oibre Neamhspleách 659 0.1 Increase0.1 0 Steady0 0
Neamhspleách 436 0.1 Increase0.1 0 Steady0 0
Iomlán 1,015,515 100 105

Iarrthóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nár éirigh leis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm Páirtí Toghcheantar
Seán Diolún Páirtí Parlaiminteach na hÉireann Maigh Eo Thoir

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The 1918 General Election (The Irish Revolution Lecture 6)" (en). History Hub (2013-04-05). Dáta rochtana: 2020-12-15.
  2. president.ie (2018). "Tá tábhacht bhunúsach i stair na hÉireann ag baint le toghchán an 14 Nollaig 1918". Dáta rochtana: 2018.
  3. UCD. "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.