Obair chomhionaid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Espaço Cooperativa Cowork @ Lapa dos Dinheiros, Seia. sa Phortaingéil

Tagraíonn an téarma obair chomhionaid do choincheap leathan socraithe i gcás go ndéantar obair go hiomlán nó go páirteach i láthair oibre agus daoine le conarthaí fostaíochta eile ann.[1] Is ionann spás comhionaid agus spás comhroinnte oifige (nó spás oibre comhionaid) i gcás go spreagtar comhoibriú agus líonrú lasmuigh d’fhoireann nó d’eagraíocht duine. Go traidisiúnta thuigtí sin mar bheith ag obair go cianda lasmuigh den oifig, ón mbaile de ghnáth, go lánaimseartha nó ar feadh tréimhse le linn na seachtaine oibre.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. enterprise.gov.ie (2021). "Cianobair a Chumasú". Dáta rochtana: 2022.
  2. Alex Hijmans (2 Iúil 2022). "Ciúnas, wifi, Nutella agus oiread caife agus a d’fhéadfá a ól – Seal i measc na bhfánaithe digiteacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-04.