Néalsoitheach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Soitheach gloine is ea néalsoitheach. Aer a bhíonn ann agus é sáithithe le gal uisce. Agus cáithníní fo-adamhacha ag gabháil tríd an néalsoitheach bíonn rian na mbraonta uisce le feiceáil, agus rian na gcaithíní le brath sa néalsoitheach dá réir sin. Is é rud á dhéantar grianghraif de na rianta seo. Ach réimse maighnéadach a dhíriú trasna na tsoithigh, déantar rianta na gcáithníní luchtaithe a fhiaradh, agus bíonn sé le léamh ar fhiaradh gach uile riain cén cineál cáithnín a bhíonn i gceist. Chomh maith leis sin, leithead riain ar bith, tugann sé leid ar mhéid an cháithnín.