Na Monarcaí Caitliceacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Déanann na Monarcaí Caitliceacha (Spáinnis: los Reyes Católicos) tagairt go stairiúil do Bhanríon Isabel I na Caistíle agus do Rí Ferdinand II na hAragóine. Bhí an bheirt acu den teaghlach chéanna, Teaghlach Trastámara, agus bhí col seiseir eatarthu; shíolraigh siad beirt ó Eoin I na Caistíle. Thug an Pápa Sixtus IV cead dóibh pósadh, agus pósadh iad ar an 19 Deireadh Fómhair, 1469, i Valladolid. Thug an Pápa Alastar VI an teideal "Rí agus Banríon Caitliceach" dóibh. D'aontaigh an pósadh an dá choróin faoin teaghlach chéanna.