Múrmhaisiú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéireacht nó snoíodóireacht ar bhalla. Tá a leithéid ann leis na cianta, agus úsáideadh teicníochtaí éagsúla thar na blianta. Tá cuid mhaith múrmhaisithe fós ann sa Mheánoirthear. Bhain na hÉigiptigh úsáid as leamhaol nó guais chun a dtuamaí a mhaisiú, ach bhain na Bablónaigh is na hAisiriaigh feidhm fhorleathan as snoíodóireacht rilífe ísle i gcloch. Ní mhaireann ach iarsmaí de mhúrmhaisiú na nGréagach, ach tá an-eolas ar mhúrmhaisiú na Rómhánach ón 2ú céad RC-79 AD, ó tochlaíodh Poimpé, Ercolano is Strabiae. Bhí freascónna is mósáicí acu. Bhí mósáicí an-choitianta sa ré Bhiosántach sa Róimh, agus bhí freascónna an-choitianta arís le linn na Meanaoise déanaí is na hAthbheochana. Sampla áitiúil de mhúrmhaisiú is ea saothar an dá thaobh ar bhallaí tithe i dTuaisceart Éireann, agus saothar na n-ealaíontóirí graifítí nach bhfuil teorannaithe don tír seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Múrmhaisiú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 474.