Móideim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticMóideim

Cuir in eagar ar Wikidata
Móideimí.

Is gléas crua-earraí é móideim a chuireann tiontú analógach-go-digiteach agus tiontú digiteach-go-analógach i bhfeidhm. Is í an úsáid is coitianta a bhaintear as móideim ná le sonraí digiteacha ó ríomhaire pearsanta (i bhfoirm 1-anna agus 0-anna) a thiontú go dtí fuaimeanna gur féidir seoladh thar línte fóin analógacha.

Déantar móideim a thomhas go hiondúil i dtéarmaí a luas (i bhfoirm ráta giotáin). Is é 56 Kbps an luas is sciobtha gur féidir a shroichint i gcás móideim ar ghnáthlíne fóin. I gcás línte ar a bhfuil leathanbhanda ar fáil, is féidir leis an luas seo a bheith i bhfad níos airde (úsáidtear móideim éagsúil ar na línte seo).