Míoltóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuil bheag fhíneálta a bhailíonn i saithí ollmhóra le crónú an lae gar d'uisce marbh is ea an mhíoltóg. Na cuileanna fásta cosúil le corrmhíola, ach ní bheireann siad greim mar nach bhfuil codanna an bhéil forbartha go maith. De ghnáth is uisciúil na larbhaí. Itheann siad algaí, dríodar, agus uaireanta creach.[1]

Ní ionann go díreach “míoltóg” agus “midge” i mBéarla; úsáidtear an focal Gaeilge ar speicis eile, mar shampla na míoltóga gainimh i ngéineas Lutzomyia a dtugtar sand flies orthu i mBéarla.[2]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Corrmhíoltóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 174.
  2. “Lutzomyia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-23.