Mícheál Seosamh Ó Rathaille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Seosamh Ó Rathaille

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Aibreán 1875
Béal Átha Longfoirt Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Aibreán 1916
41 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás i gcath (Maraíodh i gcomhrac)
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Choill Chluana Gabhann
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
AthairRichard Rahilly (en) Aistrigh
SiblínAnno Ó Rathaille agus Nell Humphreys

Find a Grave: 5747049 Cuir in eagar ar Wikidata

Náisiúnaí Éireannach a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ab ea Mícheál Seosamh Ó Rathaille (22 Aibreán, 1875 - 29 Aibreán, 1916) nó The O'Rahilly ("Ó Rathaille"), mar a thugtaí air go minic.[1]

Fuair sé bás i bpáirc an áir in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Bhí sé ina Phoblachtach díograiseach, agus é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge.

Bhí sé measartha saibhir, nó nuair a bhí an tÉirí Amach thart, bhí sé le léamh ar an Irish Times go raibh ioncam tráthrialta £900 i ndiaidh na bliana aige, agus é ag caitheamh cuid mhaith de ag tabhairt tacaíochta do chúis na Náisiúnaithe.

Níos tábhachtaí fós, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann. Le cabhair Erskine Childers agus na Gearmáine, d'eagraigh sé an chéad lastas arm leis na hÓglaigh a armáil. Raidhfilí Mauser a bhí ann, agus iad le teacht i dtír i mBinn Éadair.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mícheál Seosamh Ó Rathaille ar an 22 Aibreán 1875 i mBéal Átha Longphoirt, Contae Chiarraí. Cailleadh é ar an 29 Aibreán 1916, i mBaile Átha Cliath.

Fear mór taistil a bhí ann, nó chaith sé conablach deich mbliana sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip, sular chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath.

Plaic cuimhneacháin, An Raitheallach, Paráid Uí Rathaille, inniu ar chúl Jury's Hotel. leis an teachtaireacht dheireanach a scríobh sé

Óglaigh na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh an Rathailleach ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta, agus dá thoradh sin ní raibh a fhios aige go raibh an tÉirí Amach ar na bacáin. Rinne an Bráithreachas iarracht na pleananna a choinneáil folaithe ar dhaoine mar Bulmer Hobson, Eoin Mac Néill agus Ó Raithille, nó bhí siad den bharúil nár chóir dul chun ceannairce ar na Sasanaigh, mura mbeidís siúd ag iarraidh na hÓglaigh a ionsaí.

Nuair a fuair Bulmer Hobson amach faoi na pleananna, d'fhuadaigh an Bráithreachas é, ar eagla go sceithfeadh sé orthu, ach ansin, chuala an Rathailleach iomrá ar an bhfuadach[2]. Chuaigh sé go Scoil Éanna le labhairt le Pádraig Mac Piarais. Bhí fearg an domhain air, agus bhagair sé aon duine a lámhach a dhéanfadh iarracht an cleas céanna a imirt airsean. D'éirigh leis an bPiarsach maolú ar a fhearg, ach mar sin féin, bhí sé meáite ar an Éirí Amach a chosc.

I ndiaidh dó imeacht leis ó scoil an Phiarsaigh, chaith sé an oíche ar fad ag tiomáint timpeall na tíre, agus é ag tabhairt orduithe ó Eoin Mac Néill do cheannairí na nÓglach i Luimneach, i gCorcaigh, i gCiarraí, agus i dTiobraid Árann staonadh ón gcath.

"Birth of the Irish Republic" le Walter Paget

D'fhill an Rathailleach abhaile agus chuala sé go rachadh an tÉirí Amach ar aghaidh ar aon chaoi, ar Luan na Cásca. Mar sin, d'éirigh leis an tÉirí Amach a stopadh sa tír ar fad, ach amháin i mBaile Átha Cliath féin.

Eirí Amach na Cásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an Rathailleach i dteagmháil leis na ceannairí - an Piarsach, Séamas Ó Conghaile agus an chuid eile acu - le go bhféadfadh sé páirt a ghlacadh sa cheannairc mar sin féin, agus d'ainneoin a chuid iarrachtaí an cheannairc a chur ar ceal, agus d'ainneoin a dhiantuairime go raibh an tÉirí Amach teipthe cibé scéal é,. Cheap an Rathailleach go mba cheart go dtroidfeadh sé in éineacht leis na hÓglaigh, ó chabhraigh sé an oiread sin leis an eagraíocht a chruthú.

Ard Oigig an Phoist

Le linn an Éirí Amach, bhí an Rathailleach ag troid in Ard-Oifig an Phoist, ach ó bhí sé feargach leis na ceannairí i gcónaí, d'fhan sé an chuid ba mhó den am thuas an staighre, le nach gcaithfeadh sé a bheith i dteagmháil leo siúd.

I ndiaidh an Éirí Amach, dúirt an Dara Leifteanant A.D. Chalmers leis na nuachtáin go raibh an Rathailleach ina cheann mhaith dó. Ar dtús, chuir Mícheál Ó Coileáin, nach raibh ann san am seo ach Captaen óg de chuid na nÓglach, ceangal na gcúig gcaol air agus d'fhág mar sin é i mbosca teileafóin. Trí huaire an chloig ina dhiaidh sin, scaoil na hÓglaigh as an doghrainn é agus thug siad go hArd-Oifig an Phoist é. Nuair a chonaic an Rathailleach é, chuir sé ag coinneáil súile ar an aicsean é, lena chinntiú nach ngoidfeadh aon duine a dhath, agus thug sé rabhadh dá chuid fear féachaint chuige nach ndéanfadh aon duine dochar don tsaighdiúir.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sráid Anraí agus an GPO

Dé hAoine, an 28ú lá de Mhi Aibreáin, agus Oifig an Phoist trí thine, thairg an Rathailleach grúpa fear a thabhairt leis agus slí éalaithe a fháil. Ag trasnú Shráid Uí Mhórdha dóibh, fuair siad iad féin faoi thine ó mheaisínghunna de chuid na Sasanach. Ghoin an meaisínghunna an Rathailleach go dona, agus thit sé ina chnap ar an tsráid, ar thairseach os comhair dorais éigin. Bhí sé ag cur na sruthanna fola, ach ina dhiaidh sin féin, d'éirigh leis ruathar a thabhairt trasna na sráide, i dtreo Lána Sackville (inniu, Paráid Uí Rathaille). D'aimsigh an meaisínghunna é arís, ansin.

Tá an dá b'fhéidir ann, ach deirtear go raibh sé ina bheo i gcónaí, naoi n-uaire an chloig i ndiaidh an eachtra seo, ó oíche na hAoine go dtí tráthnóna an tSathairn, nuair a bhí na hÓglaigh tar éis géilleadh do na Sasanaigh cheana féin[3].

Tríocha bliain i ndiaidh na n-imeachtaí, breacadh an ráiteas síos ón tiománaí otharchairr Albert Mitchell go raibh sé díreach ag tiomáint, tamall roimh an deireadh seachtaine nó ina thús, nuair a tharraing sáirsint a aird ar chorp a bhí ina luí thíos i ngáitéar Shráid Uí Mhórdha, agus é gléasta i gculaith iathghlas na hÉireann. Is cosúil go raibh an fear ina bheo fós, agus thug Mitchell in amhail é a iompar go dtí an t-otharcharr. Ansin, áfach, tháinig oifigeach Sasanach trasna chuige, agus choisc sé air agus ar a fhoireann baint don fhear. Bhí orthu, mar sin, an fear a fhágáil an áit a raibh sé, agus é ag saothrú an bháis. Tháinig siad ar ais níos déanaí, agus bhí saighdiúir ag gardáil na háite. Dúradh le Mitchell ina dhiaidh sin gurbh é an Rathailleach a bhí ann[4].

Plaic cuimhneacháin i mBéal Átha Longfoirt, Ciarraí

Adieu[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ainneoin an Rathailleach a bheith i bpian mhór agus an bás ag druidim leis, scríobh sé teachtaireacht dheireanach chuig a bhean chéile, Nancy.

Seo a raibh le léamh ansin:

"Scríofa i ndiaidh an urchair a bhuail mé. A ghrá gheal, a Nancy, bhuail urchar mé díreach nuair a bhí mé ag treorú lucht ruathair suas sráid Uí Mhórdha. Fuair mé foscadh i ndoras éigin. Chuala mé fir ag díriú orm agus rith mé síos an lána, áit a bhfuil mé anois. Tá níos mó ná piléar amháin ionam, is dóigh liom.

Grá mór duit, a mhuirnín, do na buachaillí agus do Neill is d'Anna. Troid mhaith a bhí ann ar aon nós.

Le do thoil seol chuig Nannie Uí Rathaille, 40 Páirc Herbert, Baile Átha Cliath. Slán a chailín mo chroí."

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó RATHGHAILLE, Micheál Seosamh (1875–1916) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Tuairisc.ie, 26 Márta 2016, ráiteas i nGaeilge a thug an Dochtúir Séamus Ó Ceallaigh do Bhiúró na Staire Míleata faoi chruinniú a bhí ag ceannairí Óglaigh na hÉireann ina theach féin oíche Shathairn Naofa 1916
  3. Tá gaolta le lucht an Éirí Amach ag impí ar an Aire Heather Humphreys 5 fhoirgneamh eile a raibh Ceannaií na Cásca a chosaint; tá NAMA le hiad a chur ar ceannt[nasc briste go buan], Proinsias Ó Rathaille, Garmhac leis an Raitheallach ar RTÉ - Adhmhaidin, 11 Lúnasa 2015,
  4. cogg.ie, Bláthnaid Ní Rathaille, Gar-iníon leis an Rathailleach