Mothúchán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staid shíceolaíoch ina bhflosctar mothuithe an duine, a fheictear mar mhalairt ar staideanna cognaíocha (mar a mbíonn na smaointe is na tuairimí réasúnach). I staidéir shíceolaíocha ar mhothúcháin déantar iarracht a gceangail le staideanna comhchéimneacha cognaíocha is físeolaíocha a thuiscint. I dteoiric shuntasach a thairg William James, bíonn mothúcháin duine inchurtha lena staideanna corpartha: mar shampla, spreagann broid imní mar go n-ardaíonn sé ráta an chroí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mothúchán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 471.