Mogalra leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an mogalra leictreach

Córas cáblaí chun cumhacht leictreach a dháileadh ar fud na tíre is ea an mogalra leictreach.

Ag tosú ag na stáisiúin ginte, cuirtear an chumhacht srutha ailtéarnaigh (SA) trí thrasfhoirmeoirí uaschéimneacha chun an tarchur ar feadh faid mhóir do bhailte is cathracha a dhéanamh go héifeachtach ar ardphoitéinseal, suas le 400 kV.

Iompraíonn píolóin arda na cáblaí seo. Ansin sa chathair, úsáidtear trasfhoirmeoirí íoschéimneacha chun cumhacht ag voltas 240 V a sholáthar do thomhaltóirí ina dtithe.

Tá ceangal idir Sasana is an Fhrainc a oibríonn le sruth díreach (SD) chun déileáil leis na difríochtaí sa mhinicíocht is an pas idir an dá mhogalra náisiúnta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mogalra leictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.