Micheál Ó hAirtnéide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMicheál Ó hAirtnéide

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Meán Fómhair 1941
Bás13 Deireadh Fómhair 1999
58 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfiaclóir, scríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Discogs: 529317 Cuir in eagar ar Wikidata

File Éireannach ab ea Micheál Ó hAirtnéideMichael Hartnett (a rugadh ar an 18 Meán Fómhair 1941 é agus a d'éag ar an 13 Deireadh Fómhair 1999) a chum a chuid saothar i nGaeilge agus Béarla.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCromadh i gContae Luimnigh é agus d'fhás sé aníos sa Chaisleán Nua Thiar i dteach a mháthar móire faoin tuath. Mhaígh sé go gcloiseadh sí Mamó ag labhairt Gaeilge lena cuid cairde san áit sin. A thúisce is a bhí an Ardteistiméireacht críochnaithe aige, chuaigh sé ar deoraíocht go Londain.

Is luath a tháinig Mícheál i gcrann mar scríbhneoir. Tharraing a luath-shaothar súil John Jordan air. Bhí Jordan ina Ollamh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé bliain ag freastal ar an ollscoil, ach sa bhliain 1966, d'fhill sé go Londain ar feadh achar gearr. Ansin, casadh Rosemary Grantley air, agus phós siad ar an 4 Aibreán 1966.

An file, Mícheál Ó hAirtnéide
An file, Mícheál Ó hAirtnéide

Sa bhliain 1968, tháinig an chéad leabhar filíochta leis, Anatomy of a Cliché, i gcló. Thabhaigh an foilseachán seo aitheantas, clú agus cáil dó, agus roimh dheireadh na bliana céanna, chuaigh sé ar ais go hÉirinn.

Ba tús é sin do thréimhse bhisiúil scríbhneoireachta, agus go tiubh sna sálaí ar a chéile, tháinig leabhair nua fhilíochta uaidh. Sa bhliain 1969, d'fhoilsigh sé Old Hag of Beare, an bhliain dár gcionn cuireadh Selected Poems i gcló, dhá bhliain ina dhiaidh sin tháinig an cnuasach úd Tao. Sa bhliain 1973, arís, foilsíodh an leagan Béarla a rinne sé de Romancero Gitano leis an bhfile Spáinneach Lorca: Gypsy Ballads, a version of the Romancero Gitano of Federico Garcia Lorca (1973).

Sa bhliain 1974, chinn sé ar bhogadh ar ais go háit iargúlta i gContae Luimnigh, agus sa leabhar úd Farewell to English a d'fhoilsigh sé sa bhliain dár gcionn, d'fhógair sé go raibh sé le slán a fhágáil ag an mBéarla agus lena chuid filíochta a chumadh as Gaeilge feasta.

Foilsíodh Adharca Broic (1978), An Phurgóid (1983) agus Do Nuala: Foighne Chrainn (1984) sna blianta beaga ina dhiaidh sin.

Luigh sé isteach leis an ól[1], agus dá dheasca, tháinig deireadh lena phósadh.

Sa bhliain 1984, d'fhill sé ar an bpríomhchathair agus chas sé ar ais ar an mBéarla lena chuid dánta a chumadh.[2] Foilsíodh neart leabhar leis sa dá theanga, ar nós Inchicore Haiku (1985), A Necklace of Wrens (1987), An Damh Mhac (1987), Poems to Younger Women (1989), The Killing of Dreams (1992), Ó Bruadair, Selected poems of Dáibhí Ó Bruadair (1985), Collected Poems ina dhá leath sna blianta 1984 agus 1987 agus New and Selected Poems (1995). Foilsíodh Ó Rathaille - The Poems of Aodhagán Ó Rathaille in 1999, bliain a bháis

Sa deireadh, tháinig galar ae alcólach air i ndiaidh an oiread sin druncaeireachta, agus sa bhliain 1999, fuair sé bás den aicíd seo.

Tar éis a bháis, cuireadh Collected Poems, díolaim iomlán a chuid filíochta, i gcló sa bhliain 2001.

Is grianghrafadóir é a mhac Niall, a bhí bainteach leis an bhfeachtas Shell chun Sáile.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Anatomy of a Cliché (1968)
  • Old Hag of Beare (1969)
  • Selected Poems (1970)
  • Tao (1972)
  • Gypsy Ballads, aistriúchán de Romancero Gitano of Federico Garcia Lorca (1973)
  • Farewell to English (1975)
  • Adharca Broic (1978)
  • An Phurgóid (1983)
  • Do Nuala: Foighne Chrainn (1984)
  • Inchicore Haiku (1985)
  • A Necklace of Wrens (1987)
  • An Damh Mhac (1987) (bunaithe ar 'A Szarvassá Váltazott Fiú' - saothair Ferenc Juhász ón Ungáir)
  • Poems to Younger Women (1989)
  • The Killing of Dreams (1992)
  • Ó Bruadair, Selected Poems of Dáibhí Ó Bruadair (1999)
  • Ó Rathaille The Poems of Aodhaghán Ó Rathaille (1999)
  • Collected Poems (1984) und (1987)
  • New and Selected Poems (1995)

– tar éis bháis

    • Collected Poems (Gallery Press 2001)
    • A Book of Strays (Gallery Press 2001)

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tao: A Version of the Chinese Classic of the Sixth Century (New Writers Press 1971)
  • Gypsy Ballads: A Version of the Romancero Gitano of Federico Garcia Lorca (Newbridge: Goldsmith Press 1973)
  • Ó Bruadair (Gallery Press 1985)
  • Selected Poems of Nuala Ní Domhnaill (Raven Arts Press 1986)
  • An Damh-Mhac, (bunaithe ar 'A Szarvassá Váltazott Fiú' - saothair Ferenc Juhász ón Ungáir)
  • Dánta Naomh Eoin na Croise, aistriúchán ó St. John of the Cross (Coiscéim 1991)
  • Haicéad (Gallery Press 1993)
  • Ó Rathaille: The Poems of Aodhaghán Ó Rathaille (Gallery Press 1999)
  • Translations (Gallery Press 2002) – tar éis bháis –

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ó hAIRTNÉIDE, Micheál (1941–1999)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-10-13.
  2. "Poet Michael Hartnett Renounces the English Language" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-10-13.