Michelle Smith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichelle Smith
Beathaisnéis
Breith16 Nollaig 1969
54 bliana d'aois
Ráth Cúil, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Houston Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan71 kg
Airde160 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsnámhóir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsnámh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
26 Iúil 1996swimming at the 1996 Summer Olympics – women's 200 metre butterfly (en) Aistrigh  (bonn cré-umha Oilimpeacha)
24 Iúil 1996swimming at the 1996 Summer Olympics – women's 200 metre individual medley (en) Aistrigh  (bonn óir Oilimpeach)
22 Iúil 1996swimming at the 1996 Summer Olympics – women's 400 metre freestyle (en) Aistrigh  (bonn óir Oilimpeach)
20 Iúil 1996swimming at the 1996 Summer Olympics – women's 400 metre individual medley (en) Aistrigh  (bonn óir Oilimpeach)
1992Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1992
1988Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1988 Cuir in eagar ar Wikidata

Olympic.org: michelle-smith Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarshnámhóir Éireannach í Michelle SmithMichelle de Bruin mar a thugtar uirthi anois. Rugadh í ar an 16 Nollaig, 1969 i Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhain sí cáil amach ag na Cluichí Oilimpeacha in Atlanta i 1996 nuair a bhuaigh sí trí bhonn óir agus bonn cré-umha amháin.[1][2]

Ach tharraing sí conspóid uirthi féin sa bhliain 1998 as cur isteach ar shampla fuail, a thug sí i dtástáil drugaí.[3][4][5][6][7][8]

Atlanta 1996

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an-suim ag Michelle Smith sa snámh agus í trí bliana déag. Bhíodh sí ag éirí ag a cúig ar maidin chun a cuid snámha a chleachtadh agus ag glacadh páirt i gcomórtais shnámha.

In 1988, agus 19 bliain in aois di, ghlac sí páirt sna Cluichí Oilimpeacha in Seoul. ach theip uirthi dul níos faide ná na staideanna cailíochta.

Go gairid ina dhiaidh sin bhog sí go Meiriceá, áit ar fhreastail sí ar Ollscoil Houston in Texas agus bhí sí ina bhall den fhoireann shnámha. De réir a chéile, tháinig feabhas ag teacht ar a meán-am cuarda snámha.

In 1992 d'fhág sí Ollscoil Houston le céim sa chumarsáid. I samhradh na bliana sin, ghlac sí páirt sna Cluichí Oilimpeacha in Barcelona. Ach arís níor éirigh go rómhaith léi sna cluichí sin.

1993-1995ː traenáilí nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1993 thosaigh an t-iariomaitheoir Oilimpeach Erik de Bruin[9] á traenáil. Leis na teicnicí nua a mhúin sé di, d’éirigh léi an cúigiú háit a bhaint amach sa rás féileacáin 200m sna Craobhchomórtais Dhomhanda i 1994.

I 1995 chruthaigh Michelle curiarrachtaí nua Éireannacha sna rásaí saorstíle 50m, 100m, 400m agus 800m i gCraobh na Eorpa i Vín. Chruthaigh sí curiarrachtaí nua freisin sa snámh droma 200m, sa snámh féileacáin 100 agus 200m agus sa mheascra 200m agus 400m. Ócáid stairiúil í mar gurbh í an chéad Éireannach mná chun dhá theideal Eorpacha a bhaint amach sa snámh.

1996ː trí bhonn óir sna Cluichí Oilimpeacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir 20-26 Iíol 1996 rinne Michelle éacht nuair a bhuaigh sí ceithre bhonn in Atlanta, Georgia,[10][1]

  • bonn óir sa saorstíl 400m na mban
  • boinn óir sa mheacra aonarach 200m agus 400m agus
  • bonn cré-umha sa snámh féileacáin 200m,

an chéad bhean as Éirinn a bhuaigh bonn óir riamh.

I ndiaidh di na boinn a bhuachan, cuireadh dopáil ina leith, rud nár dearbhaíodh ag an am.

Bhí conspóid ann díreach roimh na Cluichí Oilimpeacha nuair a tháinig an snámhóir Meiriceánach Janet Evans, curiarracht dhomhanda 400 méadar sa saorstíl ag an am, sa naoú háit sna babhtaí cáilithe. Ar mire, mhaígh sí go raibh Smith ró-dhéanach ag cur iarratas isteach don rás. Bhíodh sé ina ruaille buaille sa Chumann na gCoistí Náisiúnta Oilimpeacha. Ansin nuair a theip ar Evans dul ar aghaidh, chuir sí dópáil i leith Michelle Smith. Ghabh sí a leithscéal le Smith as é a dhéanamh nuair a bhí na cluichí thart.[11][12]

Phós Erik de Bruin agus Michelle Smith níos déanaí sa bhliain 1996.

1997-1998ː conspóid agus cosc[cuir in eagar | athraigh foinse]

fuarthas Smith ciontach as cur isteach ar shampla fuail, a thug sí

In 1997 ghlac Smith páirt i gCraobh na hEorpa in Seville, áit ar éirigh léi dhá bhonn óir agus dhá bhonn airgid a thabhairt léi.

I Lúnasa 1998, dhá bhliain i ndiaidh na gcluichí in Atlanta, cuireadh cosc ceithre bliana ar Smith páirt a ghlacadh i gcomórtais. Fuarthas ciontach í as cur isteach ar shampla fuail, a thug sí i dtástáil drugaí i mí Eanáir 1998,[13] trí alcól (fuisce) a mheascadh tríd.[14]

Ansin i Lúnasa 1998. thug an t-anailísí snámha Gary O'Toole le fios go n-éireodh go maith le Smith sna comórtais sna blianta 1994-96, ach bhí sé deacair le creidiúint gur tháinig an feabhas mór uirthi mar gheall ar chúiseanna nádúrtha.[15]

Chuir De Bruin i gcoinne an chinnidh sin sa Chúirt Eadráin le haghaidh Spóirt (CAS). D'éist painéal de thriúr dlíodóirí spóirt lena cás, an Briotanach Michael Belcoff QC ina measc. Éistíodh leis an gcás go poiblí ar iarratas a dlíodóra. Mar gheall air sin tugadh le fios don phobal go raibh rian den druga corpfhorbartha Androstenedione sna trí shampla a tógadh idir mí na Samhna 1997 agus mí an Mhárta 1998.

Cé gur bhain conspóid leis na gaiscí a rinne sí, níor tógadh na boinn Oilimpeacha uaithi. Go dtí an lá atá inniu ann, is í Michelle De Bruin an tOilimpeach Éireannach is rathúla a ghlac páirt sna cluichí riamh.

Gairm an dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1999, tháinig deireadh oifigiúil le gairmréim Michelle Smith de Bruin mar shnámhóir iomaíoch. Ach bhí tionchar ag gach a tharla di sa Chúirt Eadráin agus mhúscail an t-eispéireas sin a suim i gcúrsaí dlí.

D'fhill sí ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sí céim amach sa dlí. Ina dhiaidh sin d’fhreastail sí ar Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath, áit ar bronnadh céim mar abhcóide uirthi i mí Iúil 2005. Is ansin a bhuaigh sí an comórtas inmhéanach ardcháilithe, Brian Walsh Moot Court. D'fhoilsigh Thomson Round Hall, a céad leabhar, "Transnational Litigation: Juisdiction and Procedure" i 2008.

In 2007 ghlac Michelle páirt sa chlár Celebrities go Wild don eagraíocht charthanachta People in Need. Chríochnaigh sí sa dara háit sa tsraith sin (dhiúltaigh sí dul ar an gclár The Late Late Show leis na hiomaitheoirí eile ar fhaitíos go gcuirfí ceisteanna uirthi maidir lena gairmréim snámha).

Tá Michelle Smith de Bruin ag obair anois mar abhcóide sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 .usaswimming.org (Iúil 1996). "Results". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-06. Dáta rochtana: 2022.
  2. Erica Carter (2021-07-29). "Michelle Smith De Bruin responds to being 'written out' of Olympic history" (en). RSVP Live. Dáta rochtana: 2022-08-06.
  3. chun a dhearbhú nach bhfuil stéaróideach ar bith á ghlacadh aici
  4. Níor chlis uirthi i dtástáil drugaí riamh ... Bhí scannal ann cinnte, ach éilimh bhréagacha chomh maith, mar shampla sa leabhar, Súil Eile Seán Tadhg Ó Gairbhí. Cois Life 2017.. Leathanach: 151, agus 'Beatha le Bua' de chuid an CCEA ar Sonia O'Sullivan https://ccea.org.uk/ Curtha i gcartlann 2018-03-05 ar an Wayback Machine
  5. Rick Morrissey (6 Lúnasa 2000). "TARNISHED GOLDEN GIRL". Chicago Tribune. Dáta rochtana: 2022-08-06.
  6. Philip Whitten, editor-in-chief of the US-published Swimming World magazine (7 Lúnasa 1998). "De Bruin should be stripped of Atlanta medals" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-06.
  7. "Irish re-evaluation" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-08-06.
  8. John Lohn (2021-06-09). "Below the Surface: The History of Competitive Swimming" (as en). Rowman & Littlefield. 
  9. Bhí conspóid ag baint lena traenálaí (agus a fear céile níos déanaí) Erik de Bruin, a bhí ina iomaitheoir (caitheamh na teisce) é féin sna Cluichí Oilimpeacha sna blianta 1984 agus 1988. Bhí tástáil dhearfach aige maidir le drugaí mídhleathacha in 1993. Cuireadh cosc air páirt a ghlacadh i gcomórtais ar feadh ceithre bliana.
  10. "1990s" (ga-IE). Mná 100. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-27. Dáta rochtana: 2022-08-06.
  11. "Michelle: I Forgive Evans; Smith Receives Apology From Fallen U.S. - Irish Voice | HighBeam Research". web.archive.org (2013-11-05). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-11-05. Dáta rochtana: 2022-08-06.
  12. Chuir an pobalóir Meiriceánach, David Wallechinsky, leis an gconspóid nuair a scríobh sé ina leabhar "Complete Book of Summer Olympics" nár bhuaigh Éireannach bonn riamh sa snámh agus nach raibh an churiarracht a bhí ag Smith sna Cluichí Oilimpeacha eile thar mholadh beirte.  
  13. Pádraic Ó Ciardha (16 Lúnasa 2016). "Bonn airgid d’Annalise agus a cuid seolta ardaithe aici isteach sna leabhair staire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-08-06.
  14. "The Con of Michelle Smith: How the Irish Lass Cheated the Swimming World" (en-US). Swimming World News (2022-04-15). Dáta rochtana: 2022-08-06.
  15. TOM HUMPHRIES (10 Lúnasa 1998). "Courage of an honest athlete" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-06.
  16. "Irish Amateur Swimming Association" (as en) (2022-04-24). Wikipedia. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]