Michelle O'Neill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichelle O'Neill

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Michelle Doris
10 Eanáir 1977
47 bliana d'aois
Mainistir Fhear Maí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Céad Aire Thuaisceart Éireann
3 Feabhra 2024 –
← Paul Givan
Comhalta den Tionól Reachtach
5 Bealtaine 2022 –

Leas-Chéad Aire
11 Eanáir 2020 – 4 Feabhra 2022
← Máirtín Mag AonghusaEmma Little-Pengelly →
Leasuachtarán Sinn Féin
10 Feabhra 2018 –
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 –


An tAire Sláinte
25 Bealtaine 2016 – 2 Márta 2017
← Simon HamiltonRobin Swann →
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann
6 Bealtaine 2011 – 24 Márta 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)


An tAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe
5 Bealtaine 2011 – 6 Bealtaine 2016
← Michelle GildernewMichelle McIlveen →
Ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann
9 Márta 2007 – 24 Márta 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)


Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla agus an Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, cuntasóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Suíomh gréasáinsinnfein.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: michelle.oneill.sf Twitter: moneillsf Instagram: michelle.oneill.sf Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach í Michelle O'Neill (née Doris;a saolaíodh 10 Eanáir 1977 ), atá mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ó mhí Feabhra 2024.[1] Bhí sí in oifig roimhe seo mar an LeasChéad-Aire ó 2020 go 2022.

Is Comhalta den Tionól Reachtach í do Lár Uladh, ó 2007 ar aghaidh.

Michelle O'Neill in 2018
2022

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mainistir Fhear Maí i gcontae Chorcaí a rugadh Michelle Doris sa mbliain 1977 ach i gCluain Eo i gcontae Thír Eoghain a tógadh í i dteaghlach Poblachtach.

Chaith a hathair Brendan Doris seal i ngéibheann mar bhall den IRA agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Chomhairleoir de chuid Shinn Féin i nDún Geanainn.

In 2005 chuir Michelle O'Neill tús lena saol sa bpolaitíocht nuair a ghlac sí suíochán a hathar ar Chomhairle Buirge Dhún Geanainn agus ba ise an chéad bhean riamh a bhí ina méara ar an mbaile sin.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin a toghadh ar dtús í go dtí an Tionól i Stormont agus í i dteannta bheirt sheanfhondúirí an pháirtí, Martin McGuinness agus Francie Molloy, agus iad ina n-ionadaithe ag Lár Uladh.

Nuair a ceapadh ina hAire Sláinte í in 2015 is ea is mó a tháinig sí i mbéal an phobail agus ise a chuir deireadh leis an gcosc a bhí ar fhir aeracha aon fhuil a dheonú lena mbeo.

Nuair a bhásaigh Martin McGuinness in 2017, ba í O'Neill a ceapadh ina ceannaire ar Shinn Féin i Stormont agus an bhliain dár gcionn ceapadh í mar Leas-Uachtarán ar pháirtí Shinn Féin.

Sa mbliain 2020, toghadh O’Neill mar LeasChéad-Aire ar Thionól Stormont.[2]

Ar an 3 Feabhra 2024, ainmníodh O’Neill mar Chéad-Aire ar Fheidhmeannas an Tuaiscirt.[3]

Clúmhilleadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Bealtaine 2023, thionscain O'Neill caingean chlúmhillte in éadan chomhairleoir an DUP John Carson; tar éis tráchta a rinne sé ar na meáin shóisialta i mí Aibreáin 2021, agus ar ghabh sé leithscéal ina dhiaidh sin ina leith.[4] I mí na Samhna 2023, rialaigh an Ard-Chúirt Bhreithiúnai, "no award of damages is payable" mar d'fhan a cáil slán. D'aithin an chúirt go raibh an trácht "abusive, highly offensive and misogynistic" ach chinn an breitheamh gur theip air a bheith clúmhillteach. Ordaíodh do gach páirtí a gcostais dlí féin de bhreis agus £ 12,000 an ceann a íoc.[5]

Chinn an Breitheamh Bell gur mionchás a bhí ann, nár cheart go sroichfí an Ard-Chúirt choíche. Chuir an DUP Carson ar fionraí ar feadh trí mhí, nuair a d’aimsigh an coimisinéir rialtais áitiúil um chaighdeái 'Mr Carson had breached the code of conduct for councillors' agus forchuireadh smachtbhanna comhchosúil.[6]

2022

Mar Chéad Aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 8 Márta 2024, nuair a foilsíodh tuarascáil eatramhach de chuid Kenova, ghabh O'Neill leithscéal leis na teaghlaigh ar fad ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na dTrioblóidí mar gur síleadh gur brathadóirí a bhí iontu. Dúirt sí go raibh aiféala uirthi faoi chuile dhuine a bhí thíos leis na Trioblóidí ó Thuaidh. D'admhaigh sí go raibh sé mícheart an bealach a ndeachaigh an tIRA i ngleic leis an dream a raibh siad in amhras fúthu i dtaca le brathadóireacht.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]