Mebyon Kernow

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMebyon Kernow
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaCornish nationalism (en) Aistrigh
réigiúnachas
forásachas
comhshaolachas
daonlathas sóisialach
Eorpachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh6 Eanáir 1951
Gníomhaíocht
Ball deAn tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmebyonkernow.org Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí polaitiúil i gCorn na Breataine is ea Mebyon Kernow (Mic Chorn na Breataine as Gaeilge). Creideann sé sa náisiúnachas Cornach, agus gur cheart Corn na Breataine a aithint mar cheann de náisiúin na Ríochta Aontaithe (in éindí leis an mBreatain Bheag, Tuaisceart Éireann, Sasana, agus Albain). Thairis sin, glacann an páirtí seasamh lár-chlé; ag glao, mar shampla, ar son athdháileadh pá, cánachas áitiúil níos forásaí, agus gníomh in aghaidh seachaint na gcánacha ina bhforógra d'Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015.[1]

I dtoghcháin 2021 chun Chomhairle Chorn na Breataine, príomhúdarás rialtas réigiúnda Chorn na Breataine, fuair siad 5% de na vótaí, agus bhain siad amach cúig shuíochán[2]. Is iad siúd[3]:

  • Andrew Long, ceantar Kelliwik agus Sen Domynek
  • Matt Luke, ceantar Pennwydhek agus Boskoppa
  • Loveday Jenkin, ceantar Egloscrewen, Merthersythni agus Gwendron
  • Dick Cole, ceantar Eglosenoder
  • Michael Bunney, ceantar Sen Mewen agus Ponsmeur
Léarscáil Chorn na Breataine atá daite de réir an pháirtí a bhfuil comhairleoir aige sa cheantar. Toghann gach ceantar comhairleoir amháin; tá Mebyon Kernow i sean-ór.

Tá 9 comhairleoirí paróiste agus 4 comhairleoirí baile acu chomh maith.[4]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Mebyon Kernow - The Party for Cornwall / Manifesto for the 2015 General Election" (as Béarla) (2015).  Curtha i gcartlann 2019-09-26 ar an Wayback Machine
  2. "Election results by party, 6 May 2021" (en). democracy.cornwall.gov.uk (2021-05-06). Dáta rochtana: 2021-05-09.
  3. "Election results by Electoral Divisions,6 May 2021" (en). democracy.cornwall.gov.uk (2021-05-06). Dáta rochtana: 2021-05-09.
  4. Mebyon Kernow - The Party for Cornwall. "City, Town and Parish Councillors < Our Team < Mebyon Kernow - The Party for Cornwall". www.mebyonkernow.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-26. Dáta rochtana: 2018-10-23.