Meadaracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le meadaracht ná socrú rithimeach ar na siollaí i ndán. I dteanga na filíochta, baintear úsáid as aonaid rithimeacha sna véarsaí. Cumtar na véarsaí le heilimintí nó le haonaid éagsúla; an t-aonad is lú díobh ná an siolla. Agus an véarsa á chumadh, cóirítear meadarachtaí éagsúla as socrú ar leith de na siollaí fada agus gearra sna línte, nó na siollaí a bhfuil béim orthu agus nach bhfuil. D'fhéadfá a rá gur cineál sriain atá sa mheadracht a chuirtear ar theanga an dán leis an bhfilíocht a chruthú seachas an prós. Tá neamhchinnteacht ann maidir leis an téarmaíocht cheart ó thaobh na meadarachta de; ní úsáideann gach duine na téarmaí beachta céanna do na heilimintí nó aonaid éagsúla meadarachta atá ann.