Maurice Ravel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaurice Ravel

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Joseph Maurice Ravel
7 Márta 1875
Ciboure, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Nollaig 1937
62 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisNeamhord néareolaíoch
Áit adhlacthaReilig Levallois-Perret Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir ceolfhoirne, pianódóir, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1892 –
Ball de
SeánraCeoldráma, ceol clasaiceach agus impriseanachas sa cheol
GluaiseachtImpriseanachas sa cheol
Mac/iníon léinn de chuidGabriel Fauré, Charles-Wilfrid de Bériot, André Gedalge agus Emile Pessard
Mac/iníon léinnAlexis Roland-Manuel agus Manuel Rosenthal
TeangachaAn Fhraincis agus an Bhascais
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
UirlisPianó agus fortepiano
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachFamille Ravel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPierre-Joseph Ravel  agus Marie Ravel
SiblínÉdouard Ravel
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0712315 IBDB: 107172
Spotify: 17hR0sYHpx7VYTMRfFUOmY iTunes: 11636 Last fm: Maurice+Ravel Musicbrainz: 6fdd3b3e-1ea6-4da9-8d6f-8f8de01c133a Lieder.net: 2286Songkick: 279425 Discogs: 216140 IMSLP: Category:Ravel,_Maurice Allmusic: mn0000932757 Find a Grave: 4401 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chumadóir, pianódóir agus stiúrthóir ceolfhoirneach Francach é Joseph Maurice Ravel (7 Márta 187528 Nollaig 1937).

Cuirtear síos air mar chumadóir impriseanaíoch go minic, cosúil leis an chumadóir eile Francach Claude Debussy, ach níor thaitin an téarma seo le ceachtar acu.

Sna 1920idí agus na 1930idí bhí cáil air mar an cumadóir Francach ab fhearr a bhí beo.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an ceol go mór ina theaghlach nuair a rugadh é, agus d’fhreastail sé ar Ardscoil Cheoil Pháras, a bhí mar an phríomh-choláiste ceoil sa Fhrainc. Ní raibh ardmheas ag an bunaíocht coimeádach dó, agus tharlaigh scannal mar gheall ar an drochíde a thug siad dó.

Tar éis dó an ardscoil cheoil a fhágáil, rinne sé a bhealach féin mar cumadóir. D’fhorbair sé stíl a bhí soiléireacht mhór ag baint leis, agus tá gnéithe nua-aoiseachais, bharócaí agus nuachlasaicis le fáil ann, chomh maith le gnéithe snagcheoil ina dhiaidh sin. Thaitníodh sé leis triail a bhaint as struchtúir nua ceoil, atá feiceálach ina shaothar is cáiliúla, Bolero (1928), ina nglacann athsheinm áit na forbartha.

Rinne sé cuid cóiriúcháin ceolfhoirneach ar ceol cumadóirí eile, agus is é an leagan de Pictures at an Exhibition le Mussorgsky, a chóirigh Ravel i 1922, a chóiriúchán is cáiliúla.

Chum Ravel níos lú saothair ná a chomhaoisigh, toisc go raibh sé ina oibrí mall agus cúramach.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maurice Ravel, le 7 Márta 1928, chez Éva Gauthier

I measc a shaothair, tá ceol don phianó, ceol aragail, dhá choinséartó pianó, ceol bailé, dhá cheoldráma agus ocht gciogal amhrán; níor scríobh sé aon siansa ná ceol eaglaise. Tá dhá leagan ann de chuid mhór dá shaothair: leagan phianó ar dtús, agus ceolfhoirniú níos moille.

Tá cuid dá cheol phianó, a leithéid Gaspard de la nuit (1908), rídheacair a sheinm, agus tá cothromaíocht sciliúil de dhíth chun a shaothair ceolfhoirne chasta, ar nós Daphnis et Chloé, a chur i láthair.

Taifeadadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ravel ar dhuine de na cumadóirí is luaithe a d’aithin go raibh cumas ag taifeadtaí dul i gcion ar phobal níos leithne lena gcuid ceoil. Ó na 1920dí ar aghaidh, in ainneoin an teicníc teoranta a bhí aige mar phianódóir agus mar stiúrthóir ceolfhoirneach, ghlac sé páirt i dtaifeadadh ar roinnt dá shaothair; rinneadh cuid taifeadadh eile faoina mhaoirseacht.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]